Faoi scrudu

Cuirfidh Raidió na Gaeltachta tús le sraith cúig chlár oíche Luain ar scrúdú Gaeilge na hArdteistiméireachta.

Cuirfidh Raidió na Gaeltachta tús le sraith cúig chlár oíche Luain ar scrúdú Gaeilge na hArdteistiméireachta.

Cíorfaidh na cláir filíocht agus prós na hArdteiste agus leagfaidh an tsraith béim ar leith ar an scrúdú cainte. Cluinfear triúr ag dul faoi bhéaltriail samplach, ceann i ngach aon mhórchanúint. Tosóidh na cláir oíche Luain ag 9.02pm agus beidh siad ar siúl go dtí an Aoine.

Beidh an clár ar fáil ar an Idirlíon www.rte.ie/rnag/gaeilgenahardteiste