Failli fos i sceal na mban

Beocheist: The Field Day volumes on women are welcome but don't tell the whole story, writes Máiréad Ní Chinnéide

Beocheist: The Field Day volumes on women are welcome but don't tell the whole story, writes Máiréad Ní Chinnéide

Chun na faillí a rinneadh i stair liteartha, shóisialta agus chultúrtha na mban sna chéad trí imleabhar den Field Day Anthology of Irish Writing a chur ina cheart a tugadh cuireadh do ghrúpa scoláirí ban imleabhar breise a chur leis. Bhí siad beagnach deich mbliana i mbun oibre agus, ar deireadh, dhá imleabhar, 3,200 leathanach san iomlán, a cuireadh le chéile.

Nuair a chuala mé faoin togra seo i dtosach báire bhí an-eagla orm go mbeadh an léargas a thabharfaí ann bunaithe ar fhoinsí Béarla amháin. Ba chúis shásaimh a fheiceáil go raibh inchur nach beag ag scoláirí Gaeilge sa chnuasach seo.

Tá ardmholadh tugtha ag Eileen Battersby sa pháipéar seo cheana do shaothar Máirín Nic Dhonnchadha ar a dtugtar "Lorg na Meánaoiseanna 600-1900". Tá téacsanna i gcló anseo maraon le haistriúcháin Bhéarla nár foilsíodh cheana. Aontaím le Battersby gur cheart iad a chur ar fáil i leabhar ar leith. Chuirfinn leo an aiste atá scríofa ag Máirín Nic Eoin faoin íomhá bhaineann d'fhlaitheas Éireann sa litríocht.

READ MORE

Ach dá shuimiúla na téacsanna luathGhaeilge is í "Caoineadh Dighde" an t-aon cheann gur féidir a mhaíomh le cinnteacht gur bean a chum. Léargas fireann ar na mná atá sna tráchtais dlí agus leighis, sna scéalta agus sna dánta a cuireadh ar phár. Agus cé gur léargas é nach réitíonn leis an íomhá rómánsúil den bhean a chuir scoláirí Ceiltise chun cinn ag deireadh an 19ú haois, is ceist í ar chóir an oiread sin spáis a thabhairt do na scríbhinní seo.

I 1706 a scríobhadh an chéad dréacht filíochta Gaeilge a bhfuil ainm údar mná leis agus, ó shin go dtí tús na haoise seo caite, de bharr cúinsí staire, is beag saothar i nGaeilge atá scríofa ag mná. B'inmholta an tseift ag eagarthóirí an chnuasaigh seo spás a chur ar fáil don traidisiún béil.

Deirtear sa réamhrá go ndearnadh cinneadh ón tús ábhar a bhí scríofa nó taifeadtha cheana a chur ann. Agus an cinneadh sin déanta cén fáth mar sin nach bhfuil ábhar ón traidisiún béil, ó na hamhráin ach go háirithe, curtha isteach sna ranna sin a bhí in ainm agus léargas a thabhairt ar reiligiún nó ar chollaíocht?

I roinn leis féin atá "Spioradáltacht agus Reiligiún sa Traidisiún Béil", mar atá "Cuimhní Cinn i nGaeilge ón 20ú haois". Nach bhfuil insint ban ar thaifead, nó i scríbhinn, ar an chosc a cuireadh ar pháistí, a tógadh le Gaeilge a dteanga féin a labhairt ar scoil agus nár cheart dó sin, nó tagairt éigin do mheath na teanga, bheith sa roinn "Oideachas in Éirinn sa 19ú haois"?

Tá an chuma air gur bheag cur amach ar a bhfuil ar fáil i nGaeilge a bhí ag cuid de na heagarthóirí sa dara himleabhar agus nach ndeachaigh siad i gcomhairle leo siúd a raibh an t-eolas acu.

CUIR i gcomparáid an rogha a rinne Nuala Ní Dhomhnaill de shaothar banfhilí comhaimsireacha leis an rogha a rinneadh don roinn chomhaimsireach ficsin. Tá áit tugtha ag Ní Dhomhnaill do shaothar 13 banfhile Gaeilge agus gan saothar Gaeilge ar bith sa roinn ficsin.

Is tearc na mná atá ag scríobh ficsin i nGaeilge ach tá siad ann. Tá scéalta sna cnuasaigh Í Siúd le Siobhán Ní Shúilleabháin agus An Grá Riabhach le Biddy Jenkinson ina bhfuil léiriú an-ghéarchúiseach tugtha ar aigne mná agus iad ar aon chaighdeán leis an scéal fada i mBéarla, "Bridget Kiernan" le Norah Hoult a bhfuil an scéal iomlán i gcló.

Fiú mar leabhair thagartha ba dheacair an dá imleabhar thoirtiúla seo a láimhseáil go sásúil. Tá an chuma orthu go raibh an iomarca fo-eagarthóirí ann, go mórmhór don dara himleabhar, agus gur bheag comhordú a bhí eatarthu. Tá roinn amháin "Women and Political Activism in Northern Ireland 1960-93" agus roinn eile "Women in the North of Ireland 1969-2000".

Ní fheicim ach oiread cén léargas breise a thugann sé ar stair shaíocht na mban a rá linn go raibh claonta homaighnéasacha ag beirt náisiúnaithe Pádraig Mac Piarais agus Ruairí Mhic Easmainn agus aistriúchán Béarla ar dhán an Phiarsaigh 'A Mhic Bhig na gCleas' a chur ann.

Is léir gur caitheadh mórchuid dua agus dúthrachta leis an togra agus go léiríonn sé mar a bhí beartaithe nuair a chuathas i mbun oibre "gur fairsinge agus gur éagsúla saol agus samhlaíocht na mban in Éirinn ná mar a thugann steiritípeanna le tuiscint". Is é an trua nach ndearnadh eagarthóireacht níos déine air .