Euro-Merriman

Reáchtáilfear Scoil Gheimhridh Chumann Merriman i nGleann Maghair, Co Chorcaí, ó Aoine go Domhnach, 1ú - 3ú Feabhra 2002. Is …

Reáchtáilfear Scoil Gheimhridh Chumann Merriman i nGleann Maghair, Co Chorcaí, ó Aoine go Domhnach, 1ú - 3ú Feabhra 2002. Is é 'Eoró, 'sé do bheatha abhaile' téama na scoile.

Beidh dhá phríomhábhar faoi chaibidil - cúrsaí reatha polaitiúla agus an ceangal cultúir trí Ghaeilge idir Éirinn agus mór-roinn na hEorpa.

Cathal Mac Coille ó RTÉ a thabharfaidh an chéad léacht tráthnóna Dé hAoine; "Boston, Berlin agus Béal a' Mhuirthead" .

Maidin Dé Sathairn, labhróidh Grace Neville, Aodh Ó Canainn agus Andrea Nic Thaidhg ar "Gaelú na hEorpa agus Eorpú na Gaeilge". Tadhg Ó Dúshláine a thabharfaidh léacht thráthnóna an tSathairn ar "Eorpú an Dúchais sa 17ú haois". Eolas: 01-285 8813 nó 086-608 8202

READ MORE

Léireofar an dráma aonair Pádraic Ó Conaire le Diarmuid de Faoite sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath, oíche Mháirt ag 8 p.m. Beidh sé ar siúl i Halla Astra, in Ionad nua na Mac Léinn, Belfield. Beidh na ticéid ar díol ag an doras.