Dúnmharú sa chathair

BEOCHEIST: MARIUS SZWAJKOS agus Pawel Kalite. Breathnaigh go géar ar na hainmneacha

BEOCHEIST:MARIUS SZWAJKOS agus Pawel Kalite. Breathnaigh go géar ar na hainmneacha. Is iad seo ainmneacha na mairtíreach is deireanaí le bás a fháil ar son dúil rómhór san ól sa tír seo, ach bí cinnte de nach iad na mairtírigh dheireanacha iad.

Cuimhnigh ar na hainmneacha sin anois mar an tseachtain seo chugainn beidh siad dearmadtha. Cosúil le muintir Mheiriceá nuair a scaoileann mac léinn eile le AK47 ar a chomhdhaltaí, déanaimis olagón agus cuirimis ceisteanna ach ná déanaimis aon rud faoin mbunfhadhb.

Mar is gnáthach beidh sé mar ábhar cainte ag "saoithe" na meán cumarsáide. Cluinimis na nathanna seanchaite - "téarmaí róghearra príosúin", "easpa áiseanna", "easpa smachta sa bhaile", "cúlra mífholláin síceolaíoch" agus "dífhostaíocht". Bíodh féasta díospóireachta againn. Ach i gceann seachtaine, beidh muid ar ais ag cíoradh fionnadh Bertie Ahern chun dreancaid eile a chaitheamh lenár gcraos fiosrachta.

Is sruth éadomhain gan stad é an saol in Éirinn faoi láthair a scuabann roimpi corpáin óigfhear mar a bheadh duilleoga iontu.

READ MORE

Is tír í ina mbíonn fíréin áirithe níos buartha faoi dhuine a bhfuil toitín ina bhéal ná faoi dhuine a bhfuil scian nó, sa gcás seo, scriúire ina phóca aige.

Chuir muintir Dhroimeanaigh a mbrón agus a bhfearg in iúl faoi dhúnmharú brúidiúil na beirte ag an deireadh seachtaine ag "faire faoin aer". Bímis ag súil gur mhaolaigh an searmanas poiblí sin cuid den náire a mhothaigh siad.

An teachtaireacht a bhí ag an dá mhíle a d'fhreastail air ná nár bhithiúnaigh ar fad iad muintir na háite. B'fhiú an teachtaireacht a thabhairt agus ba léir gur bhain gaolta na marbh faoiseamh as.

Is iontach, dála an scéil, an stuaim, an dínit agus an tuiscint atá léirithe ag na gaolta céanna - ceacht dúinn ar fad ar an mbealach le brón agus fearg a láimhseáil.

Ach cé gur dhúirt siad nár chuir siad an locht ar mhunitir na tíre seo agus nár dhóigh leo gur ciníochas a bhí taobh thiar den ionsaí, tá ceisteanna fós le freagairt.

Mar shampla, de réir tuairiscí, bhí maslaí ciníocha á nglaoch ag cuid den dream déagóirí a ghlac páirt san ionsaí nuair a bhailigh siad thart ar an teach inar chónaigh an bheirt.

Agus in aineoinn an taispeántais mhóir phoiblí, cén míniú atá ar an mhoill ar fhiosrúchán na nGardaí seachas nach bhfuil an comhoibriú á fháil a ba chóir a bheith ar fáil i gcás mar seo. Deir comhairleoirí sa gceantar go bhfuil a fhios go háitiuil cé hiad a rinne é.

Gach seans nárbh í príomhchúis an ionsaithe gurbh eachtrannaigh a bhí i Marius agus Pawel. D'fhéadfadh sé gur Éireannach ar a bhealach abhaile a bhuail leis an dream óg seo a d'iarr air deoch a cheannach dóibh.

D'fhéadfadh sé gurb é do chomharsa, do dheartháir nó do chara a bhí ag dul thar bráid agus a thug údar clamhsáin do na bithiúnaigh óga seo a bhí, de réir tuairiscí, faoi thionchar an óil cheana féin.

Is cuma cé acu canúint, cuma nó cine. Is é an rud is soiléire agus is scanrúla nach comhdhaoine a chonaic na hionsaitheoirí seo, a tógadh i dteaghlaigh agus i scoileanna Éireannacha, os a gcomhair. Chonaic siad neacha fodhaonna, neacha gan chearta daonna.

Ach tá sé feicthe againn cheana. D'fhéadfadh sé go raibh gruaig rófhada ar na híobartaigh, nó gur thug siad íde béil do thacadóirí rugbaí taobh amuigh de chlub oíche, nó gur mhoilligh siad rófhada roimh bheirt ólta ag fuinneog siopa garáiste, nó gur cheistigh siad buachaill i bPáirc Fionnradhairc faoi mhála a goideadh as puball nó gur easaontaigh siad le beirt ólta ar Dhroichead Phortobello.

Áibhéil? Ní hea. Maraíodh nó gortaíodh go dona fir óga i mBaile Átha Cliath ar na cúiseanna seo thuas le deich mbliana anuas. Agus níl anseo ach na cásanna a bhfuil a fhios againn fúthu.

Cé a chuimhníonn anois ar ainmneacha Brian Murphy, David Langan nó Guido Nasi? Ní haon rud nua é an t-ionsaí marfach a tharla i nDroimeanach. Bhí féasta mór bróin againn tar éis na gcásanna sin freisin.

Bíonn scliúchais idir fir óga ag tarlú áit éigin in Éirinn beagnach gach deireadh seachtaine. Ní thuairiscítear a leath.

Bhí sé de mhianach fear óg riamh go ndéanfadh siad a misneach a thriail - de ghnáth, fear ar fhear - noiseán seanfhaiseanta, is cosúil.

Ach an rud atá ann anois, conairt fhiáin ag sracadh duine as a chéile, sin rud eile agus rud nach féidir linn cur suas leis. Mar, an chéad uair eile, b'fhéidir gur thusa nó do mhac-sa nó do dheartháir a bheidh ann. An tseachtain seo caite, bhí "drochlá" acu i nDroimeanach.

Bí cinnte nach fada uainn an chéad "drochlá" eile. Cá bhfios nach i do bhaile-se a bheidh sé?