Deireadh cinsireachta

Ba ghnách RTÉ a cháineadh - mar ba cheart - as cinsireacht a dhéanamh faoi réimeas Alt 31.

Ba ghnách RTÉ a cháineadh - mar ba cheart - as cinsireacht a dhéanamh faoi réimeas Alt 31.

Is maith go bhfuil deireadh leis an alt. Ach an amhlaidh go bhfuil seirbhís Aertel ag iarraidh an chinsireacht a rinneadh a chúiteamh le poblachtánaigh?

Bhí tuairisc ar Aertel ag an deireadh seachtaine faoin triúr Éireannach poblachtánach atá ar a dtriail sa Cholóim. Scríobhadh go raibh léirsiú i mBaile Átha Cliath a raibh 200,000 duine i láthair agus iad ag tacú le cás na bhfear. Sea, 200,000! Contráilte a bhí an tuairisc. 200 duine ar fad a bhí i gceist.