'Cultur Oige Gaeilge' de dhith - O Cuiv

Thug an tAire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, dúshlán na n-eagras teanga agus Údarás na Gaeltachta ag an deireadh seachtaine agus é…

Thug an tAire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, dúshlán na n-eagras teanga agus Údarás na Gaeltachta ag an deireadh seachtaine agus é ag caint ar Oireachtas na Gaeilge i nDoire.

Mhol sé do na heagrais teanga "cultúr óige Gaeilge" a fhorbairt sna cathracha agus d'iarr sé ar Údarás na Gaeltachta machnamh a dhéanamh ar a ról san am atá romhainn.

Dúirt Ó Cuív gur den riachtanas é go mbeadh "pobal óg fuinniúil" le Gaeilge i gcathracha móra: "Mar is eol do dhaoine, creidim go bhfuil fíorthábhacht leis an nGaeltacht mar thobar na Gaeilge, ach creidim freisin má tá bláthú agus borradh le teacht faoin nGaeilge ar fud na tíre gur cheart go mbeadh ról lárnach ag na cathracha ann sa dul chun cinn sin."

Mhol sé an Gaeláras i nDoire agus Cultúrlann MacAdam-Ó Fiaich i mBéal Feirste as a gceannasaíocht san earnáil seo agus dúirt go raibh sé "thar am anois ag lucht na Gaeilge féachaint le lárionad den chineál seo a chur ar fáil sna príomhchathracha sa Deisceart, ag tosú le Gaillimh agus Baile Átha Cliath".

READ MORE

Mhol sé go gcuirfí ceannáras Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair, Baile Átha Cliath, ar fáil mar lárionad Gaeilge do phobal na cathrach agus go mbeadh club, bialann, siopa leabhar, seomraí ranga agus amharclann ann. D'fhéadfaí lucht an Chonartha aistriú go Ráth Cairn, Co na Mí, agus cuidiú a lorg ó Údarás na Gaeltachta le foirgneamh nua a aimsiú, a dúirt sé.

Dúirt Ó Cuív go raibh sé ag caint le fada ar ionad ar leith cultúir i nGaillimh: "Tá caint ar mhórfhorbairt thíos ar na duganna agus creidim go bhféadfadh comhfhiontar thar a bheith spéisiúil a bheith ansin idir Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Gael Chomhlacht na Gaillimhe, Conradh na Gaeilge agus Taibhdhearc na Gaillimhe agus, ar ndóigh, cúnamh ó mo Roinnse le fís mar seo a fhíorú.

"Dá mbeadh a leithéid de lárionad ann, tharraingeodh sé daoine ón nGaeltacht agus daoine taobh amuigh den Ghaeltacht le chéile ar spéis leo an teanga agus chuirfeadh sé lárionad mór caidrimh ar fáil a chothódh pobal láidir Gaeilge."

Chuir sé cuireadh ar na heagrais bualadh leis agus an cás a phlé. Gheall sé go dtabharfadh sé cúnamh agus tacaíocht ach bunús réadúil bheith leis na moltaí a chuirfí faoina bhráid.

Ag caint ar Údarás na Gaeltachta, dúirt Ó Cuív go raibh sé ar lorg tuairimí bhord an Údaráis ar ábhair ar leith a bhain le forbairt na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Ar na ceisteanna móra a bhí aige, d'fhiafraigh sé den bhord: an raibh gá go n-aithneodh reachtaíocht nua gurbh é príomhról an Údaráis anois pobail láidre bhríomhara labhartha Ghaeilge a chothú sa Ghaeltacht; cén coibhneas ar cheart a bheith ann idir ról cultúrtha, sóisialta, eacnamaíoch agus oideachasúil an Údaráis agus a ról maidir le forbairt tionsclaíoch agus ar cheart feidhm reachtúil a thabhairt don Údarás i leith chur chun cinn na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht?

Ní raibh sé ag súil le freagraí ar na ceisteanna sin in áit na mbonn ach ba mhaith leis tuairim an bhoird a fháil ar na ceisteanna seo i gceann dhá mhí.

Is beag duine nach mbeidh ag teacht le tuairim Éamoin Uí Chuív gur gá "cultúr óige" a spreagadh i gcathracha móra an Stáit seo agus gur gá ionaid ar leith a chur ar fáil do dhaoine sna cathracha le go mbeadh deis acu Gaeilge a labhairt.

Ní bheidh olc ag duine ar bith dá mholadh agus ní holc an tús é Gaillimh agus Baile Átha Cliath. Ach cad é faoi Shligeach, Luimneach, Chorcaigh agus faoi bhailte móra eile an Stáit? Cén dream a chuirfidh an t-airgead ar fáil le gach fís - agus foirgneamh - a fhíorú agus cén dream a ullmhóidh straitéis náisiúnta le go ndéanfar an freastal is fearr ar an líon is mó daoine?

Is é Foras na Gaeilge an t-eagras is saibhre ach níl aon phlean straitéiseach acu ina leith féin, gan a bheith ag caint ar eagrais eile. Maoiníonn siad an Gaeláras agus an Chultúrlann. Tá siad eolach, mar sin, ar an chineál seo tionscnaimh.

Ach seo Aire na Gaeltachta ag iarraidh a leithéid d'fhiontair a mhaoiniú as ciste a Roinne féin. An amhlaidh go bhfuil Ó Cuív i ndiaidh sonc a thabhairt don Fhoras agus tabhairt le fios - go cliathánach féin - gur gaiste a thabharfadh a Roinn féin faoi na fiontair seo ná an Foras?

Tá sé suntasach gur fhiafraigh Ó Cuív ar cheart go mbeadh feidhm reachtúil ag Údarás na Gaeltachta an Ghaeilge a chur chun cinn taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá an cúram sin ar Fhoras na Gaeilge faoi láthair. An dtuigimis as caint Uí Chuív gur mhaith leis go dtabharfadh an tÚdarás faoi obair an Fhorais nó an comhtharlú glan iad na moltaí seo?