Cuimhne agus comoradh

Crobhingne: Tá an uain ramhar le comóradh

Crobhingne: Tá an uain ramhar le comóradh. Ní túisce an Taoiseach ag fógairt go bhfuilimid chun Éirí Amach na Cásca a chomóradh le paráid mhíleata ná cuimhne dheireadh an chéad domhanchogaidh chugainn agus tharainn.

An lile gheal agus an rós dearg ag coimheascar ar leaca na sráide agus ní heol dúinn cé is fearr.

Smaoineamh breá Gaelach Fianna Fáileach tá ag an Aire Gnóthaí Eachtracha gur chóir dúinn gach rud a chomóradh. Ritheann Tadhg agus dhá thaobh an bhóthair leat ach is ar son na maitheasa poiblí atá sé. An té atá leat, tá sé leat; agus an té atá id choinne, tá sé siúd leat freisin. Fealsúnacht bhreá Chríostúil í sin gan aon agó. An t-aon deacracht atá leis ná go bhfágann sé iad siúd nach Críostaithe iad i leataoibh.

Más mian linn a bheith inár bpobal cuimsitheach atá cothrom le cách ní mór dúinn gan cuimhne aon duine ná comóradh aon chúise a aithisiú. Is fíor go raibh troid ar son saoirse an Stáit go maith; is fíor, leis, go raibh troid in aghaidh saoirse an Stáit go maith. Agus chun a cheart a thabhairt don Aire ní taobh le cuimhne amháin a bhí sé. Is é is mian leis onóir a thabhairt dóibh go léir, do gach Éireannach a throid ar son na hÉireann, agus dóibh siúd a throid in aghaidh na ndaoine a bhí ag troid ar son na hÉireann, go háirithe, iad siúd a shíl gurbh ionann troid in aghaidh na hÉireann agus troid ar a son.

READ MORE

Tús tosaigh é seo agus céim fhorásach. Ach níl ann ach cloch chabhsa chun na cuimsitheachta. Níor cheart ná níor chóir a bheith sprionlaithe ná caolintinneach faoi seo. Tá an tír breac (agus buí agus gorm) le hinimircigh agus ba mhasla dóibh aon dream díobh a fhágáil ar lár san ollchomóradh uilechoiteann míleata. Agus, ós ní é gur throid saighdiúirí Éireannacha in airm dho-áirithe de chuid an domhain, níl ann ach lomchlár an chirt go dtabharfaimis onóir dóibh.

Is deacair a rá cén áit a bhfuil a thús seo. Cuid de na Géanna Fiáine féin, is iad a bhí umhal do Mháire Treasa na hOstaire, bean a scríobh leabhar breá soiléir mar gheall ar na slite b'éifeachtaí le heolas a bhaint as daoine. Ní raibh sí chomh pairticileártha sin maidir le pé poll coirp as a thiocfadh an t-eolas; dúradh go raibh eagrán leasaithe in úsáid in Abu Ghraib agus GaeilMheiriceánaigh á chiallú.

Fiontraithe den chéad scoth ba ea na Gaeil sin a raibh sclábhaithe gorma acu sna hIndiacha Thiar. Réamhtheachtaí an Tíogair Cheiltigh, ní foláir. Bíodh is nach raibh siad in arm ar bith go hoifigiúil b'fhearr ná sin fós iad. Bhí a gcuid arm féin acu agus d'éirigh leo nascadh a dhéanamh idir an sclábhaíocht, an marú agus an fhiontraíocht. Ba dheacair comóradh a dhéanamh orthu, áfach, mar is amhlaidh go bhfuair an chuid is mó díobh bás ina leapacha féin - nó i leapacha a gcuid giollaí.

Saighdiúirí oifigiúla ba ea formhór na gcótaí gorma de shíol Éireann a chuidigh le cinedhíothú na mbundúchasach ar bhánta Mheiriceá. Mura mbeadh gur chuireamar as chomh críochnúil sin leo ní bheadh infheistíocht na Stát Aontaithe sa tír seo chomh flaithiúil sin anois.

Ba mhór mar a chabhraigh na hóglaigh bhochta úd ó Éirinn in arm na Breataine le ceann de na haireagáin is luachmhaire dlí agus cirt de chuid na fichiú aoise. B'é sin an campa géibhinn ina mbailítear na mná agus na páistí agus an daoscar fear gan mhaith nuair is mian leat nach mbeadh siad trioblóideach duit. San Afraic Theas in aghaidh na mBórach a chéadnochtadh an cleas cliste seo.

Bhíomar ar an dá thaobh i gCogadh Cathardha na Spáinne, leis, rud a ghealfadh croí pholaiteora ar bith. Mharaigh na Poblachtánaigh sagairt agus mná rialta agus mharaigh na léinte gorma gnáthdhaoine agus filí homaighnéasacha. Bí id Fhaisisteach nó id fhrithFhaisisteach, is díol comórtha agus onóra tú, mar nach iad an dá mhar a chéile iad?

Faoi láthair tá Éireannaigh amuigh ansin san Iaráic. Cuid acu ar bhlár an chogaidh in Arm Impire an Domhain, cuid eile (bí cinnte de) le trodairí na saoirse. Agus nuair a mharóidh siad a chéile cuirfear an brat ar an gcónra, déanfar cúirtéis le hairm, séidfear trumpaí agus ní dhéanfar dearmad orthu ar dhul faoi na gréine.

Agus caithfear suaitheantas nua comórtha ina mbeidh gas den lile, piotal poipín, corrán gealaí, crois chéasta, mathún mór, moncaí beag, fiolar órga, billí rí, puisín glas, duille fíge, muc-i-mála agus cleite bán.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar