Conradh agus Fine Gael ag dul chun doirne

Tá Fine Gael "frith-Ghaelach, frithacadúil, agus frith-Eorpach" a dúirt uachtarán Chonradh na Gaeilge, Dáithí Mac Cárthaigh, …

Tá Fine Gael "frith-Ghaelach, frithacadúil, agus frith-Eorpach" a dúirt uachtarán Chonradh na Gaeilge, Dáithí Mac Cárthaigh, agus é ag caint os comhair Dháil Éireann arú inné.

Bhí Mac Cárthaigh ag seoladh feachtas nua an Chonartha le haird a tharraingt ar chinneadh Fhine Gael deireadh a chur leis an Ghaeilge mar phríomhábhar Ardteiste, cinneadh a chur "fíor-dhíomá" ar an Chonradh.

Tá an t-eagras teanga is sine in Éirinn ag iarraidh ar dhaoine a vóta a thabhairt do pháirtithe atá "ar son na Gaeilge". Creideann siad go mbeidh siad ábalta tionchar a imirt ar na mílte vótóir gan tacaíocht a thabhairt d'Fhine Gael: "Déanfaidh na vótaí seo difríocht mhór ach go háirithe sna dáilcheantair a bhfuil páirtithe ar nós Fhine Gael ag iarraidh suíochán nua a bhaint amach."

Dúirt Mac Cárthaigh: "Ghlac Conradh na Gaeilge go fonnmhar leis an gcuireadh a thug Fine Gael chun an Ghaeilge sa chóras oideachais a phlé le bliain anuas. Is cúis díomá agus iontais dom mar sin go bhfuil an chuma ar an scéal nár éist siad le focal ar bith a bhí le rá ag lucht an Chonartha, ag múinteoirí scoile, ag daltaí scoile, agus ag saineolaithe aitheanta teanga."

READ MORE

Dúirt sé gur léirigh cinneadh Roinn an Oideachais sa Bhreatain céim síos a thabhairt do nuatheangacha an tubaiste a bhí i ndán don Ghaeilge dá leanfadh Fine Gael dá bpolasaí. Ligeadh do scoileanna ábhar roghnach a dhéanamh de theangacha ag Eochairchéim 4, is é sin bliain an Teastais Shóisearaigh abhus. Tháinig "laghdú drámatúil" ar líon na scoláirí a roghnaigh teangacha dá bharr sin, a dúirt sé.

De réir fhigiúirí Roinn Oideachais na Breataine, bhí 78 faoin gcéad de dhaltaí scoile ag foghlaim teangacha sa bhliain 2001 ach bhí thit an uimhir sin go 58 faoin gcéad faoi 2005.

"Dá gcuirfí moladh Fhine Gael i bhfeidhm is cinnte go mbeadh an toradh céanna le feiceáil anseo in Éirinn ó thaobh na Gaeilge de," a dúirt Mac Cárthaigh. "Is cinnte gur gá dúinn athbhreithniú a dhéanamh ar mhúineadh na Gaeilge sa chóras oideachais ach níl ciall ná réasún ag baint le moladh Fhine Gael."

Le háit na Gaeilge a threisiú agus a athnuachan sa scoil, tá an Conradh ag moladh:

  • go dtabharfadh gach ábhar oide bunscoile tréimhse bliana acadúla ar thumoideachas i mioncholáiste lán-Ghaeilge ag foghlaim faoin tumoideachas agus tríd an tumoideachas. Cinnteoidh sé seo cumas sásúil sa Ghaeilge do gach múinteoir bunscoile;
  • go múinfí ábhar, de bhreis ar an Ghaeilge, trí Ghaeilge do gach dalta bunscoile;
  • go bhforbrófaí dhá shiollabas don Ghaeilge ag an dara leibhéal: Teanga na Gaeilge agus Litríocht na Gaeilge.

I bpreasráiteas a d'eisigh Fine Gael i mBéarla, thug ceannaire an pháirtí, Enda Kenny, le fios go raibh polasaí a pháirtí "mis-represented" ag Conradh na Gaeilge agus go raibh "invasion into the political process" déanta ag an Chonradh.

D'ainneoin sin, a dúirt Kenny, ní chuirfí dá threoir é agus leanfadh sé de bheith "pursuing a modernising and reforming agenda when it comes to the Irish language. My vision for Irish in our education system is simple: I believe we should equip our people, and particularly our young people, with a real, a useful, and a communicative knowledge of the Irish language.

"Since I first set out this vision, I have received an enormous response, not just from those who are fluent in the language but from many parents who wish their children to have a good working knowledge of the language but who are frustrated by the failure of current teaching methods and policies..."

Thug sé "overtly political stance" ar fheachtas an Chonartha agus chuir ina leith go raibh siad tostach i leith pholasaithe an Rialtais, polasaithe a raibh de thoradh orthu go raibh daoine óga ag fágáil na scoile gan labhairt na teanga acu: "I see a really bright future for the Irish language given all that is happening outside the school system presently. Fine Gael's proposals are designed to invest in the way we teach our language, change the curriculum content and emphasise the spoken tongue. Conradh na Gaeilge would do well to reflect on what are serious political proposals to improve the status of our language rather than let it languish within a system that patently does not work."