Comoradh Ui Chadhain

Tá sraith léachtaí ar an scríbhneoir Máirtín Ó Cadhain ar siúl ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

Tá sraith léachtaí ar an scríbhneoir Máirtín Ó Cadhain ar siúl ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

Beidh an chéad cheann eile ar siúl oíche Luain nuair a labhróidh Peadar Ó Flathartha ar "An Ghaeltacht agus Gaeilge sa 21ú haois" ag 7pm sa Seomra Léachta, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath.

Stiúrthóir FIONTAR é Ó Flathartha agus iar-stiúrthóir de chuid Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Duine thar a bheith gníomhach é in earnáil na teanga agus smaointeoir thar a bheith ceannródaíoch.

Is í Máirín Nic Eoin a thabharfaidh an léacht deiridh sa tsraith, Dé Máirt, 5ú mí na Nollag, ag 7pm sa Leabharlann Náisiúnta.

READ MORE

Is é "Ó Cadhain, Kafka agus Litríocht Uirbeach na Gaeilge" teideal a cuid cainte. Tá Nic Eoin ar bhean de na scoláirí is cumasaí i léann na Gaeilge sa lá atá inniu ann.

Eolas: 01-6794780