Comhairle aire

D’FHÓGAIR Aire na Gaeltachta, Pat Carey, inné go raibh an chéad tréimhse comhairliúcháin den athbhreithniú ar Chaighdeán Oifigiúil…

D’FHÓGAIR Aire na Gaeltachta, Pat Carey, inné go raibh an chéad tréimhse comhairliúcháin den athbhreithniú ar Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge ar bun. (Tá an t-iriseoir seo ar Choiste Stiúrtha ar an Athbhreithniú.)

Dúirt Carey go raibh sé ag iarraidh cur i gcuimhne don phobal nach raibh “ach coicís fágtha go dtí an spriocdháta. Tá a fhios agam go bhfuil suim ar leith ag an bpobal san obair seo. Molaim go láidir do gach duine a bhfuil suim acu san obair seo páirt iomlán a ghlacadh sa phróiseas, agus plé tomhaiste a bheith acu ar na ceisteanna gramadaí ar leith agus ar na mórcheisteanna prionsabail araon.”

Dúirt sé nár cheart do dhaoine dearmad a dhéanamh go raibh an t-athbhreithniú ag iarraidh dioscúrsa a bhunú a rachadh chun tairbhe na Gaeilge go ceann tamaill fhada agus go mbraithfeadh caighdeán an dioscúrsa ar rannpháirtíocht an phobail féin. Bhí fáilte roimh dhaoine a gcuid tuairimí a chur go aco@pobail.ie