Cóisir na Nollag

Beidh Cóisir na Nollag, ceolchoirm mhór, ar siúl sa Village ar Shráid Loch Garman, Baile Átha Cliath, seachtain ón Déardaoin …

Beidh Cóisir na Nollag, ceolchoirm mhór, ar siúl sa Village ar Shráid Loch Garman, Baile Átha Cliath, seachtain ón Déardaoin ag 8pm.

Bronnfar brabús na hoíche ar Alone (www.alone.ie), an charthanacht a chuireann tacaíocht ar fáil do sheandaoine atá ina gcónaí ina n-aonar.

Is iad na ceoltóirí a bheidh ag seinm ag an ócáid ná Rattle and Hum (grúpa a sheinneann cuid ceoil U2), Rónán Ó Snodaigh as Kíla, Traic agus grúpa tí Sult. Eolas: 01-6753658 nó eolas@gaelchultur.com