Ciúnas Conallach

THABHARFÁ duine ar bith suntas don méid a bhí le rá ag Bord Údarás na Gaeltachta faoi impleachtaí Thuarascáil Mhic Cárthaigh …

THABHARFÁ duine ar bith suntas don méid a bhí le rá ag Bord Údarás na Gaeltachta faoi impleachtaí Thuarascáil Mhic Cárthaigh do chúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge.

Bíodh sin mar atá, gheobhaidh an cuairteoir fánach féin d’iriseoir ar an Ghaeltacht neart fianaise go bhfuil cúrsaí go dona ó thaobh na heacnamaíochta de.

Tharla go raibh mise ar cuairt i gceantair Ghaeltachta i dtuaisceart agus i ndeisceart Dhún na nGall agus ba leor dhá eachtra bheaga neamheolaíocha le léiriú go raibh cúrsaí go holc.

I gcás Ghaoth Dobhair, bhí mé ag stopadh in óstán áitiúil thar oíche agus thug cuairt ar bheár an óstáin i ndiaidh 10pm. Ba mise an t-aon duine amháin a bhí le feiceáil san áit. Cheannaigh mé pionta (a bhí daor go maith i ndáiríre), d’ól ar mo shuaimhneas é agus duine ná deoraí níor tháinig isteach le linn an ama sin ar fad. Ní cuimhin liom riamh bheith i dteach tábhairne i nDún na nGall an t-am sin oíche agus an áit bheith folamh ar fad.

READ MORE

I nGleann Cholm Cille, áit atá Oideas Gael ag ceiliúradh 25 bliain de chúrsaí teanga d’fhoghlaimeoirí fásta, bhí bean amháin de bhunadh na háite ag caoineadh easpa turasóirí sa cheantar. Ba iad na cúrsaí Gaeilge amháin a bhí ag coinneáil an dé san áit: “There wouldn’t be any one here if it wasn’t for Oideas Gael.”

Moladh cuí don obair atá déanta ag an eagras cuairteoirí cultúrtha a mhealladh chun na háite. Ach ba i mBéarla a rinneadh. Thuig sí luach na teanga ach níor chosúil go raibh sí fonnmhar í a fhoghlaim.