Ceiliúradh na bhFiann

Tá Coláiste na bhFiann ag ceiliúradh "40 bliain ag cur na Gaeilge chun cinn" i mbliana, a scríobhann Pól Ó Muirí

Tá Coláiste na bhFiann ag ceiliúradh "40 bliain ag cur na Gaeilge chun cinn" i mbliana, a scríobhann Pól Ó Muirí. Beidh ócáid ar leith acu Dé Luain seo chugainn ag 12.30 pm in Áras Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath, áit a seolfaidh an láithreoir teilifíse Hector suíomh nua Idirlín an choláiste.

Bunaíodh Coláiste na bhFiann leis an Ghaeilge a theagasc do dhaoine óga agus le meon fabhrach a chothú i leith na teanga trí cheol, spórt agus imeachtaí a reáchtáil i nGaeilge amháin.

Dúirt stiúrthóir an choláiste, Caitríona Ní Cheallaigh, gurbh é a príomhaidhm an suíomh a sheoladh mar áis teagmhála ag iarscoláirí.

Mheas sí go raibh tuairim is 50,000 duine i ndiaidh freastal ar chúrsaí an choláiste ó bunaíodh é. Ba mhian léi idir 10,000 agus 20,000 duine acu sin a chlárú; bhí fonn ar iarscoláirí filleadh agus Gaeilge a labhairt.

READ MORE

Ní raibh siad ag iarraidh bheith ag plé le coistí ach ba mhian leo Gaeilge a úsáid agus ba é cuspóir Choláiste na bhFiann an deis sin a thabhairt dóibh. Eolas: cristina@colaistenabhfiann.ie