Ceacht on Bhruiseil

Beocheist: Chaith mé na blianta fada ag triall go rialta ar an mBruiséil mar chuid de dhualgais mo ghairme.

Beocheist: Chaith mé na blianta fada ag triall go rialta ar an mBruiséil mar chuid de dhualgais mo ghairme.

Ní bhaininn úsáid riamh as an gcóras taistil phoiblí ann, as an Metro ná as na busanna ná as na tramanna, mar taitníonn an tsiúlóid liom, agus mar sin chuir mé aithne mhaith ar an gcathair san, aithne i bhfad ní b'fhearr, déarfainn, ná mar a bhí ag a bhformhór san a bhíodh i mbun an ghnó chéanna is a bhí idir lámha agam féin.

Ach lasmuigh díobhsan go mbíodh teagmháil díreach agam leo, níor chuireas aithne ar na daoine sa Bhruiséil riamh, mar i ndáiríre ní bhíodh agam ach ón aerfort go dtí an t-óstán agus as sin go dtí an t-ionad cruinnithe, agus ar ball ar an gconair chéanna ar ais.

Bhí sé de rath orm, áfach, seachtain saoire a chaitheamh sa Bheilg le déanaí agus b'iontach mar a chuaigh an Bhruiséil agus an pobal ann i bhfeidhm orm seachas mar a chuaigh i mblianta úd mo thaistil.

READ MORE

Ar shlí, is ait an chathair í an Bhruiséil mar cé gurb í an Fhraincis an teanga is mó a bhíonn le cloisteáil inti, tá an chathair féin suite i lár ceantair arb í an Phléimeannais gnáththeanga na muintire ann.

Ní hé atá á rá agam nach labhartar an Phléimeannais forleathan go leor sa chathair féin, ar ndóigh, ach feictear dom nach í sin an teanga is rogha leosan go bhfuil na postanna is mó agus is tábhachtaí acu.

Agus ní foláir dom a rá go bhfeictear dom gurb amhlaidh san go háirithe dóibh sin atá ag obair don Aontas Eorpach.

Níor thógtha é ar an duine a thabharfadh a chéad chuairt ar an gceantar ina bhfuil oifigí an Aontais suite go nglacfadh sé gurbh i gcathair eile ar fad - mura ndéarfainn i dtír eile ar fad - a bheadh sé, tá an méid sin d'fhoirgintí ollmhóra nua ann agus an méid sin daoine ag tuilleamh a gcoda sna hoifigí céanna, gach duine acu ag brostú leis faoi mar a bheadh an diabhal sa tóir air agus gan le sonrú orthu go léir ach gur dóigh leo gurb ar a nguaillí féin atá todhchaí na cruinne ag brath.

Nuair a chuas féin go dtí an Bhruiséil ar dtús, d'fheictí dom gurbh í an Fhraincis ba mhó a bhíodh ina mbéal acusan a bhíodh ag gabháil d'obair an Aontais, go raibh an Ghearmáinis sa dara háit agus ansin an Béarla.

An uair seo, áfach, bhraitheas go raibh cúlú ar an nGearmáinis agus gur leithne í an úsáid a bhaintear as an mBéarla anois ná cheana.

Ar ndóigh - agus seo rud go ndéantar dearmad air go minic - tá pobal sa Bhruiséil nach bhfuil ag obair don Aontas Eorpach.

An gnáthphobal atá i gceist agam - iadsan atá gafa le tógáil na bhfoirgneamh mór san a luaigh mé, na daoine atá ag saothrú leo sna siopaí, sna bialanna, sa chóras taistil agus sna gnóthaí iomadúla eile a bhaineann le cathair mhór go bhfuil, is dóigh liom, breis is milliún daoine inti.

Is ina measc san a thagtar ar an éagsúlacht teanga agus, go deimhin, ar an éagsúlacht chultúir agus traidisiúin a ghabhann leis sin.

Murab ionann is mar atá an scéal in Éirinn, tugtar a ceart cóir cothrom don dá theanga sa Bhruiséil agus gan aon rian den 'liom leat' ná den chur-i-gcéill a bhíonn ar siúl sa tír seo.

Tá na fógraí sna siopaí dátheangach, agus ar na feithiclí poiblí, agus níor léir dom go raibh aon dua ar dhuine a chuid gnó a dhéanamh sa teanga ba rogha leis nó léi.

B'amhlaidh céanna sna heaglaisí agus bhí an clár bia sna bialanna sa dá theanga i gcónaí ná níor ghá dom ceann seachas a chéile a iarraidh ar an lucht freastail ach an oiread, mar bhí an dá cheann ar an gcárta céanna.

Thugas cuairt ar Bhruges (Brugge, sa Phléimeannais) agus ar Lováin (Leuven). Is cathracha Pléimeannacha iadsan, ar ndóigh. Go deimhin, is rí-bheag den Fhraincis a chloistear i Lováin anois, mar tá an coláiste ollscoile ansin tugtha suas go hiomlán do na scoláirí Pléimeannacha agus coláiste nua (agus 'cathair' nua) tógtha do lucht na Fraincise aistear cuíosach fada i gcéin. Thugas faoi deara nuair a d'fhág an traein an Bhruiséil ar an dá thuras san nár tugadh na fógraí amach a thuilleadh sa Fhraincis.

Maidir leis na hÉireannaigh a bhuail umam i rith na seachtaine sin, dob ionadh liom an méid díobh a dúirt liom go raibh siad ag freastal ar ranganna Gaeilge.

Dob alltacht liom, ar shlí, go raibh orthu a dteanga féin a fhoghlaim tar éis dóibh cúrsa meánscoile agus (i gcás go leor díobh) cúrsa ollscoile a leanúint abhus.

Ar an lámh eile, áfach, ba bhreá liom an smaoineamh gur mhó í an tuiscint a bhí acu ar thábhacht na Gaeilge anois nach rabhadar chomh mór céanna faoi bhrú agus faoi thionchar an Bhéarla.