Bonn óir na cumarsáide

Bhronn Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, Edel Ní Chuirreáin, Bonn Óir Raidió na Gaeltachta ar Dharáine Ní Mhaoilmhichíl Dé …

Bhronn Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, Edel Ní Chuirreáin, Bonn Óir Raidió na Gaeltachta ar Dharáine Ní Mhaoilmhichíl Dé Luain.

Tugadh an gradam do Ní Mhaoilmhichíl as an chaighdeán is airde a bhaint amach ar an Ard-Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Dúirt uachtarán na hollscoile, Iognáid Ó Muircheartaigh, go ndearna sé "comhghairdeas ó chroí" léi as "a cuid éachtaí acadúla, an obair eisceachtúil, an díograis agus an diongbháilteacht a léirigh sí".

Is as Baile Trasna, Cill Dhéalaí, Co na Mí, Daráine. Bhain sí Céim amach sa Chumarsáid in 2004 in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Bronntar an Bonn Óir go bliantúil ar an té is fearr a dhéanann dul chun cinn ar Chumarsáid Fheidhmeach, cúrsa a chuireann oiliúint phraiticiúil ar mhic léinn i gcúrsaí raidió agus teilifíse, i dteannta le hoiliúint i gcúrsaí Gaeilge, Dlí agus Scileanna Ríomhaireachta.