Bliain eile 'troiding' i dtrinse na teanga

Mairimse, iriseoir agus athair, i sochaí Bhéarla i gceantar tuaithe sa Tuaisceart le mo chéile mná agus lenár dtriúr páistí…

Mairimse, iriseoir agus athair, i sochaí Bhéarla i gceantar tuaithe sa Tuaisceart le mo chéile mná agus lenár dtriúr páistí.

Béarla ar fad atá sa cheantar; níl seirbhísí sláinte trí mheán na Gaeilge le fáil agus is ar scoil Bhéarla a fhreastalaíonn na páistí mar nach raibh de rogha againn ach scoileanna Béarla. (Agus ná hiarr orm bunscoil Ghaelach a bhunú. Is scríbhneoir mé; sin mo chuid sa chúis ghlórmhar seo.)

Ní bhíonn de theagmháil ag na páistí leis an teanga ach mise agus a máthair. Labhraim Gaeilge leo i gcónaí agus baineann a máthair úsáid as an bheagán den teanga atá aici. Ach is fúinn, ar fad beagnach, atá sé Gaeilge a thabhairt dóibh.

Tuigeann an bheirt pháistí is sine - seacht mbliana d'aois agus cúig bliana d'aois - go bhfuil daidí i mbun teanga nach ionann agus teanga múinteora nó dochtúra nó sagairt. Cuireann siad ceist orm anois agus arís rudaí a rá arís i mBéarla.

READ MORE

Bhí mé ag amharc ar chlár Gaeilge teilifíse an lá faoi dheireadh agus dúirt m'iníon cúig bliana d'aois liom: "That's Irish. They're speaking Irish."

Cúig bliana d'aois agus í ag déanamh idirdhealaithe idir teangacha. Bímis deimhneach faoi sin; tá sí sé bliana chun tosaigh ormsa nó bhí mé féin bliain déag sula raibh a fhios agam a leithéid de theanga agus Gaeilge bheith ann.

Cuireann daoine ceist orm: "An bhfuil Gaeilge ag na páistí?" agus freagraím go bhfuil tuigse ar an Ghaeilge acu agus go mbaineann siad úsáid as focail áirithe as a stuaim féin.

Chuala mé an iníon is óige (trí bliana d'aois) ag scairteadh lá amháin leis an bheirt eile: "Are youse réidh? I'm rocking and rolling suas an staighre." (Ní thiocfadh leat a leithéid a chumadh.)

Caitheann an cailín cúig bliana d'aois spléacaí agus "spéaclaí" a thugann sí i gcónaí orthu. Ghreamaigh an focal dá samhlaíocht ar chúis inteacht nach dtuigim.

Agus is fíor go ndéanann na páistí a gcuid féin den teanga. Bhí siad ag spairn le linn na laethanta saoire. "Stadaigí de bheith ag troid," a dúirt mé. "We're not troiding," arsa bean de na cailíní. Rún na bliana nua? Leanstan den troiding ar son theanga an teaghlaigh.