Beiteail

An Peann Coitianta le Liam Ó Muirthile

An Peann Coitianta le Liam Ó Muirthile

Béiteáil is ea mo thine Chásca

beo cois claí i nGort na gCrann.

Ní heol dom más scothán

READ MORE

den aiteann Gaelach

den aiteann Gallda

a ghéilleann dom lann

sleaiseála ó phréamh go beann

órga an tráth seo bliana.

An chumhracht mheala a bholathaím

sara gcaithim ar an gcarn é

agus pléascann ina bhothaire

le sop féir is díosal.

Loiscneoir mé ag cruthú spáis

chun fáis ach nuair a éagann

an bladhmann tugann gothaí na ngéag

dúdhóite chun cuimhne

i dtobainne an bháis

coirp a slogadh sa lasrach

ar an mbóthar go Basra.

"Tairne óir á bhualadh i sciath mo ghlóire gach aon cheann díobh" arsa an Tíoránach go neamhchúiseach ar chlos arís dó go raibh diúracáin mar chóiméid ag titim ar fud na ríochta. "Réabaidís na mulláin! Scuabaidís ár n-ógáin chun siúil! Cuireadh bruacha an Eofráitéis thar maoil! Bádh an Tíograis na hinseacha! Ní bheidh m'anam faoi shuan sna Flaithis nó go mbeidh glao an muezzin le clos ó cheann ceann Iarúsailéim."

Bhraith sé a chuid fola ag coipeadh, arraing trína dhroim. Na tatúnna a bhí greanta ag seanóir an tsráidbhaile in alt na láimhe deise in aois a chúig bliana, spotaí tréigthe ó dhath le himeacht na mblianta, bhíodar ag deargadh arís. "Cuisle a fhóid bhunaidh" mar a dúirt na filí ar chuala sé a ndréachtaí á n-aithris sna bothóga brící dóibe agus é ag fás aníos. Bhí a shamhlaíocht fós breac lena rannaireacht, leis na scéalta a bhí curtha de ghlan mheabhair aige. Bhain sé le gach spota anois díobh, ceann ar cheann, lena ordóg, agus bhraith sé meadaracht iontu óna óige. Shroich an mheadaracht siar sna cianta ceo. Ba í a dhein comhcheol le léann triantánaíochta na matamaiticeoirí, le foighne ghrinn na réalteolaithe, le taighde glé na lianna, le léarscáilíocht ghéarchúiseach na loingseoirí, le cuair lámhghreanadh na n-ailtirí, le gliondar na bhfisiceoirí i mbun turgnaimh. Ba mheadaracht í a thionscain baclainn na siabhialtachta. Gach ní a d'fhás ar domhan, gach gas, gach stoc préimhe, gach arraing chléibhe, bhí siolla den mheadaracht sin tríd.

Bhí an bhacaíl ina chois dheis éirithe níos measa. Níor mhaith leis go gcífeadh éinne den phobal coitianta a chruachás daonna. Bhí na mílte saighdiúirí cranda tar éis filleadh ó pháirc an áir, ar leathchois, leathlámhach, martraithe, "glúin na bacadáile" mar a thugtaí orthu sna sráideanna, sna caféanna. Níor mhaith leis a chuid bacaíle a roinnt leo. Samhail fhoirfe athartha a bhí uathu ina saol, gan maisle gan máchaill. Bhí na foirne agus na meithealacha aoirí agus lucht cúraim fostaithe aige chun an tsamhail fhoirfe sin a bhuanú: bolscairí, filí, gruagairí, saoir, cócairí, dochtúirí, micreabhitheolaithe, scannánóirí, eolaithe, teagascóirí talmhaíochta, múinteoirí, scoláirí, ceardaithe, gan trácht ar shaighdiúirí, brathadóirí, póilíní, coirpigh agus déantúsóirí airm. Chuir sé mótarbhealaí á dtógaint, léitheoireacht agus an aibítir á bhfoghlaim san áit nach raibh ach aineolas roimhe sin, páláis mharmair agus fuaráin ag scardadh san áit a raibh gaineamh agus triomach, fothraigh sheanda á gcaomhnú, iarsmaí na sibhialtachta á dtochailt. Chuir sé eachtraí fuilteacha a shaoil féin sa timpeall ar scannáin eachtraíochta. Chuir sé príomhthéacs beannaithe a chine á lámhscríobh i bhfuil a choirp féin, an fhuil á taoscadh braon ar bhraon go ceann trí bliana. Chuir sé leabhair dá chuid féin á scríobh gan aithne ar dtúis, gan d'ainm leo ach "Scríofa ag an té a scrígh", ach diaidh ar ndiaidh de réir mar a ghaibh sé scríobhaithe a ríochta chuige ina líontán, thángadar amach faoina ainm féin: dánta, úrscéalta, fabhalscéalta.

Ba lú leis ná an sioc ar dhuilliúr chrann searbhán abhanntrach an Eofráitéis a raibh de threalamh agus d'oirnéisí cliste, glioca, ag a naimhde. Bhí na Díchreidmhigh riamh ar míthreoir, éaganta. Ba mhó a n-éagantacht ná an t-aoire gabhar ba neafaisí ar chliatháin maolchnoic. A ndiúracáin ar inis na satailítí dóibh an t-amas cruinn le haimsiú ar talamh, na brúchnaipí diúracán meánraonach agus fadraonach, an amharclannaíocht agus an stáitsíocht a bhí acu in áit fíorshaighdiúireacht, ba lú go mór iad ná a "chuisle fód bunaidh" féin ar inis a siollaireacht dó rún a chroí.

Bhí boladh an áir ag loisceadh a pholláirí. Na gairis aer-oiriúnaithe go léir, na fuaráin uisce, na hallaí marmair, an ghaoth aimrid aniar, níor mhúch siad boladh an áir. Ach ba chuma leis é. Ar chuma a shinsear roimhe san aimsir anallód, bhí cleas na mbeach agus na meala á imirt arís aige. Mar a chuala sé á insint é ina shráidbhaile dúchais. Má bhí a naimhde Díchreidmheacha ag Geataí na Cathrach, ba chuma é.

Ba ghearr go raghadaís siúd leis, ar lár, sa ghaiste próca meala a bhí feistithe aige.