Béaloideas abú!

Dhá leabhar a chuireann béim ar bhéaloideas a bhuaigh gradaim Leabhar na Bliana 2007, comórtas a urraíonn Oireachtas na Gaeilge…

Dhá leabhar a chuireann béim ar bhéaloideas a bhuaigh gradaim Leabhar na Bliana 2007, comórtas a urraíonn Oireachtas na Gaeilge agus Bord na Leabhar Gaeilge le haitheantas a thabhairt do dhearadh leabhar.

Bhain dialann an bhailitheora cháiliúil Séamus Ennis, Mise an fear ceoil: Séamus Ennis - Dialann Taistil 1942-1946(eagarthóir an Dr. Ríonach Uí Ógáin; Cló Iar-Chonnachta) Gradam Uí Shúilleabháin as leabhar do dhaoine fásta. Ba é Gaiscíoch na Beilte Uaine(Caitríona Nic Sheáin agus Andrew Whitson; an tSnáthaid Mhór) a bhuaigh an catagóir do dhaoine óga, Gradam Réics Carló.

Dúirt stiúrthóir an bhoird, Aedín Ní Bhroin, gur thug na duaiseanna spreagadh agus aitheantas: "Tá na gradaim seo thar a bheith tábhachtach freisin sa mhéid is go ndíríonn siad aird an phobail ar chaighdeán agus ar fhairsingeacht ábhar léitheoireachta Gaeilge an lae inniu."