Baol go ndruidfear Foinse ag an deireadh seachtaine

TUARASCÁIL: TÁ BAOL ANN go ndruidfear an nuachtán seachtainiúil Foinse an deireadh seachtaine seo – agus go gcaillfear deich…

TUARASCÁIL:TÁ BAOL ANN go ndruidfear an nuachtán seachtainiúil Foinse an deireadh seachtaine seo – agus go gcaillfear deich bpost lánaimseartha agus dhá cheann pháirtaimseartha – de bharr easpa maoinithe ó Fhoras na Gaeilge.

Dúirt úinéir Foinse, Pádraig Ó Céidigh, i ráiteas inné gur thug sé le fios d’fhoireann an nuachtáin ar an Cheathrú Rua go raibh sé ag diúltú glacadh le conradh nua ón Fhoras don nuachtán.

Beidh cruinniú éigeandála aige leis an Fhoras inniu agus foilseodh sé aon eagrán amháin eile an deireadh seachtaine seo.

Éireodh sé as ina dhiaidh sin “ach amháin sa chás go dtiocfaí ar réiteach maidir le maoiniú”.

READ MORE

Thug Ó Céidigh le fios nach dtiocfadh leis glacadh le téarmaí an chonartha de bharr an méid airgid a bhí á thairiscint. Bhí an nuachtán ag cailleadh airgid gach seachtain agus bhí titim 75 faoin gcéad ar theacht isteach ó chúrsaí fógraíochta.

Ar na mallaibh, ghlac an fhoireann agus saoririseoirí leis an nuachtán gearradh siar 10 faoin gcéad ar tháillí le costais a laghdú.

Dúirt Seán Clancy, príomhfheidhmeannach Mhóinéar Teo., foilsitheoirí an nuachtáin, nach raibh siad “ag iarraidh brabach a dhéanamh ach ní fhéadfadh aon duine cur suas leis an gcaillteanas” a bhí ar siúl faoi láthair. Mheas sé go mbeadh caillteanas os cionn €200,000 i gceist faoi mhí Lúnasa.

Bhuaigh Foinse comórtas an Fhorais le nuachtán seachtainiúil a fhoilsiú agus bhí €400,000 in aghaidh na bliana i gceist, a dúirt sé, ach thairg an Foras conradh €355,000 dóibh.

Dúirt urlabhraí thar ceann an Fhorais go raibh conradh nua curtha ar fáil acu do Mhóinéar Teo. le nuachtán seachtainiúil Gaeilge a fhoilsiú don tréimhse 2009 – 2013.

Bhí “ardú substainiúil” á thairiscint faoin chonradh seo “ar an leibhéal maoinithe” leis an pháipéar a chur ar fáil.

Dúirt sé go mbeadh cruinniú ag an Fhoras le lucht Mhóinéar Teo. le sonraí an chonartha a phlé agus gur tríd an phlé sin a réiteofaí aon cheisteanna a bhí ag na foilsitheoirí ina leith.

Ba chúis dhíomá í ag an Fhoras gur phoibligh Móinéar Teo. na deacrachtaí sula raibh deis ann iad a phlé ar dtús.