Ardscrúdú

TÁ AN comhlacht oiliúna Gaeilge, Gaelchultúr, le cúrsaí ullmhúcháin do Bhéalthriail na hArdteistiméireachta a reáchtáil i mBaile…

TÁ AN comhlacht oiliúna Gaeilge, Gaelchultúr, le cúrsaí ullmhúcháin do Bhéalthriail na hArdteistiméireachta a reáchtáil i mBaile Átha Cliath agus i gCeatharlach an Satharn seo agus an dara cúrsa i mBaile Átha Cliath Dé Máirt, 10ú, Aibreán.

Beidh 40 faoin gcéad de mharcanna na hArdteiste ag dul do scrúdú béil i mbliana agus is é is cuspóir leis an chúrsa deis a thabhairt don dalta ullmhú a dhéanamh roimh ré.

Díreoidh an cúrsa ar ghnéithe éagsúla an scrúdaithe: fáiltiú, léamh filíochta, cur síos ar phictiúir agus comhrá ginearálta.

Eolas: www.oralirish.ie

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times