Ardfheis Luimnigh

BEIDH ARDFHEIS Chonradh na Gaeilge ar siúl i Luimneach an deireadh seachtaine seo agus is é “Deiseanna don Chonradh i Straitéis…

BEIDH ARDFHEIS Chonradh na Gaeilge ar siúl i Luimneach an deireadh seachtaine seo agus is é “Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge” téama na bliana seo.

Ar an chlár, beidh toghchán d’uachtaránacht an eagrais idir an t-uachtarán reatha, Pádraig Mac Fhearghusa (63) agus Seán Ó hAdhmaill (27) agus pléifidh lucht an Chonartha cúrsaí Gaeltachta agus imeachtaí inmheánacha.

Dúirt Mac Fhearghusa gur “ghá ról lárnach bheith ag an bpobal i gcur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain don Ghaeilge má táimid leis na spriocanna atá luaite inti a bhaint amach, agus mar fhóram daonlathach do phobal na Gaeilge, beidh Conradh na Gaeilge i lár na himeartha maidir le cur i bhfeidhm na straitéise.”

Ba ghá don Chonradh agus lucht na Gaeilge na spriocanna a bhí sa dréachtphlean a neartú, a dúirt sé.