Ardan ar ais

Chuir Páidí Ó Lionáird agus foireann Ardán tús spleodrach le séasúr nua oíche Dhomhnaigh agus iad san ionad ealaíon, Iontas, …

Chuir Páidí Ó Lionáird agus foireann Ardán tús spleodrach le séasúr nua oíche Dhomhnaigh agus iad san ionad ealaíon, Iontas, Co Mhuineacháin.

Clár beo a bhí ann roimhe seo ach clár réamhthaifeadta a bheas ann feasta. Níor bhain sé sin dá éifeacht. Bhí mórán aíonna breátha le cluinstean agus mheall Ó Lionáird an chuid ab fhearr den chaint uathu.

Ach ba ag na deartháireacha Mhic Árdghail, Séan agus Tommy, a bhí an oíche. Léirigh siad mír bheag as dráma faoin fhile Patrick Kavanagh. Tháinig seanduine a d'iarr aoir ach ní raibh sé sásta an táille a bhí á lorg ag an fhile mór le rá a íoc. D'imigh sé leis chuig file áitiúil eile agus thug íde na muc agus na madadh don fhile mór santach: "He'd poet the shite out of you."

Beidh Ardán ar TG4 gach oíche Dhomhnaigh ag 8.30pm.