Ar

Crobhingne: Tá caibidil ag Robert MacLiam Wilson ina úrscéal Eureka Street ina bhfuil cur síos mionchúrsach ar cad a tharlaíonn…

Crobhingne: Tá caibidil ag Robert MacLiam Wilson ina úrscéal Eureka Street ina bhfuil cur síos mionchúrsach ar cad a tharlaíonn nuair a phléascann buama ar shráid lán de dhaoine.

Go díreach roimhe sin cuireann sé pearsa os ár gcomhair, gnáthbhean ina 20í de bhlianta agus í ag cuimhneamh ar an bhfear a casadh uirthi le déanaí. Gabhann sí ó shiopa go siopa ag féachaint agus ag triail feisteas éagsúla. Féachann uirthi féin i bhfuinneoga na siopaí. Tugann meangadh gáire do choisithe ag siúl na slí. A cuid oibre oifige féin, tá gile agus dóchas ag baint léi arís. Is ar obainne, gabhann sí as.

Gabhann sí as, mar ta gealt barbartha éigin tar éis buama a leagadh i mbialainn bheag agus é a phléascadh. Múchtar a beatha, a dé, a gealadhram, a giodam, a maitheasaí uile go léir agus maitheasaí a raibh de neacha timpeall uirthi in aon mhionmheandar amháin. Scaiptear a gcloigne, a gcuid putóga, a gcuid ionathar, a gcuid codanna ó sháil go rinn in aon olldíláithriúchán coiteann amháin. Tharla seo i mBéal Feirste. Tharla, leis, i mBaile Átha Cliath. Tharla i mBagdad. Tharla an tseachtain seo caite i Maidrid. Dhá chéad duine neamhurchóideach scuabtha den saol seo toisc go raibh siad san áit mhícheart ar an uain chontráilte.

An chéad léim tar éis an uafáis is é léim na feirge é. Cuthach buile daonna. Comhbhrón agus cumha agus fearg arís. Éamh mór péine agus bíodh an diabhal ag aon leithscéal nó cúis nó míniú go múchfaí muintir álainn Mhaidrid ar maidin gan choinne. Ba dhóigh leat gur leor é sin go nuige seo. Ba dhóigh leat gur leor ligean don uafás luí ar do chroí, agus dá bhféadfaí drannadh leis, smaoineamh thairis a chaitheamh ar an bhfuath atá ag daoine dá chéile. "Hoy no ha venido nadie a preguntar" - "Níor tháinig aon duine ag cur ceisteanna chugam inniu," mar a chan an file César Vallejo. Ní hé lá an tsléachta lá na gceisteanna.

READ MORE

Rithfeadh na paidreacha leat dá mbeadh feidhm le paidreacha in aghaidh nach bhfuil ar eolas againn: "Seacht bpaidreacha faoi sheacht/chuir Muire dá Mac/ chuir Bríd faoin brat/idir mé agus tine mo mhúchta/idir mé agus bás obann."

Is binne agus is suaimhní agus is inchneáleighiste go mór an ortha ná focail thura, go deimhin, focail mhaslaitheacha na bpolaiteoirí a dhein gach dícheall ar gach taobh teacht i dtír ar an gcoscairt láithreach bonn baill.

Is fada siar a théann iarsma an drochbhirt agus is sia fós chun tosaigh a réiteach. D'fhill an saol ar an leamhas agus ar an neamhchuimhneamh an lá tar éis an áir. Ceannteideal an Evening Herald agus na corpáin fós sraite sínte, "Bryan McFadden Reveals All!" an tráthnóna dar gcionn.

Ina choinne sin éilíonn an intinn míniú éigin. B'fhéidir nach leor é, nó b'fhéidir gur leithscéal agus a thóin lofa leis atá ann. Bhí meirgeacha Mhaidrid ag fiafraí "Por Qué?" agus na milliúin laistiar díobh. Ní leagtar buamaí sa Ghinéiv agus ní bhíonn léirsithe in aghaidh an rialtais in Stavanger. Táid ann áiteanna a bhfuil na mórfhadhbanna polaitíochta agus comhdhaonnacha réitithe, nó réitithe a oiread sin is nach rachaidh geilt i mbun an fhoréigin d'fhonn a bhfíoch a chur díobh. Is ea, sampla leamh, ach bhíodh an Fhrainc agus an Ghearmáin in earraid le chéile ar bhlár fola na hEorpa agus anois ní chloistear a gcuid uan ag méiligh.

Agus na Mongóil agus Impireacht na Síne; agus na Turcaigh agus Oirthear na hEorpa; agus na Peirsigh agus na Gréagaigh; agus na Fearghailigh agus na Conchúraigh; agus na Shuigh agus na Wuigh; agus na Lugdainéisigh agus na Builgigh; agus na Rósanna Sasanacha ag priocadh ar a chéile. Agus tá an chuma air anois go bhfuilid a bhformhór go deas síochánta le chéile, agus gur dócha gur mar sin a bheidh go ceann tamaill.

Is é sin le rá, is féidir aighnis a réiteach. Tá réiteach ar na coimhlintí is mó atá ann idir ciníocha is náisiúin is buíonta is comhthaláin is treibheanna.

Tá réiteach ann, mar bhí réiteach ann. Tá réiteach ann faoi láthair idir barbaracht na nArabach agus barbaracht an Iarthair. Tá réiteach ann, mar caithfidh réiteach a bheith ann. B'fhéidir, ar ndóigh, go bhféadfaimisne iad siúd go léir a mharú idir bhonóc agus bhean agus sheanduine agus gan ach cúpla cnaipe a bhrú. B'fhéidir leo san roinnt mhilliún dínne a leachtú inár gcuid príomhchathracha nuair a gheobhaidh siad an sás chuige i gceann cúpla bliain eile.

Go dtuga Dia agus Allah ciall agus trócaire dúinn. Go dtuga Allah agus Dia státaire amháin, just státaire amháin dúinn uile go léir.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar