Anois teacht an Fhómhair do TG4

Tuarascáil: Fágtar bearna mhór i sceideal TG4 sa samhradh nuair a thagann deireadh le craobhchomórtas na gclub agus leis na …

Tuarascáil: Fágtar bearna mhór i sceideal TG4 sa samhradh nuair a thagann deireadh le craobhchomórtas na gclub agus leis na cluichí sraithe san iomáint agus sa pheil.

An samhradh seo, líonadh an bhearna sin leis an oiread sin spóirt nárbh ait linn dá n-éireoimis maidin gheal éigin agus é fógartha go raibh na hAshes le craoladh, beo agus eisiach ó Thrent Bridge, ar stáisiún Bhaile na hAbhann. Chuirfimis Nuacht TG4 ar siúl an oíche sin agus bheadh Gearóid Mac Donncha ann ina háit, is é ag insint dúinn go raibh babhlálaithe Shasana ag déanamh an diabhail ar fad; go raibh stráitéis batála nua ó na hAstrálaigh nó bheadh thiar orthu; agus go mbeadh Maolra Mac Donncha linn sa seomra nuachta tar éis an chéad over eile.

An samhradh seo chuamar i dtaithí ar Wimbledon agus an Tour de France as Gaeilge agus le déanaí dheineamar dianchúrsa ar bhéarlagair an tsnúcair (beo agus eisiach, ar ndóigh, ó Bhéal Feirste).

Dar leis an bhfile Louis de Paor go raibh craoladh TG4 ar Wimbledon ar cheann de bhuaicphointí na hathbheochana.

READ MORE

Arsa de Paor, agus é idir mhagadh agus dáiríre, go raibh clúdach TG4 ar an leadóg chomh tábhachtach céanna nach mór, leis an uair a labhair Kermit an Frog ceartGhaoluinn ghlan le Debbie Harry ar The Muppet Show agus gur "thuig sí gach aon fhocal di".

Níl aon amhras ach go bhfuil TG4 tar éis an Zeitgeist agus an Ghaeilge a chur in aithne dá chéile tar éis a raibh ann den chliúsaíocht chúthalach nach raibh de thoradh air sa deireadh ach an "tá sé mahogany gaspipe".

Bíodh sin mar atá, ceileann an clúdach iontach a dhéanann TG4 ar an spórt an-chuid Éireann laigí.

Níl aon amhras ach go bhfuil gaiscí agus sár-ghaiscí déanta ag an gcraoltóir Gaeilge i mbeagnach gach réimse den chraoltóireacht ach tá an baol ann gur mar chainéal spóirt agus sraitheanna Meiriceánacha a shamhlófar TG4 muna dtagann athruithe móra ar chúrsaí.

Is é an t-athrú is mó a theastaíonn ná tuilleadh airgid; buiséad níos mó agus buiséad níos cinntí.

Tá plean a dhéanfadh TG4 a athbhunú mar stáisiún neamhspleách ó RTÉ á scrúdú faoi láthair, ach ní fiú labhairt ar neamhspleáchas ná ar faic eile muna réiteofar ceist an airgid. Agus cúrsaí mar atá, tá an stáisiún rómhór i dtuilleamaí an spóirt agus shraitheanna drámaíochta Meiriceánacha ar nós The OC.

Mhíneodh saineolaithe TG4 duit go mealltar daoine isteach le scannáin ó Bhrat Pack na 1980í agus le cláracha nua mar The OC agus go bhfanann an lucht féachana seo dílis don stáisiún.

Bíonn siad ina suí faoi gheasa ag clisteacht lucht sceidil nó go bhfuil siad ag féachaint - nach mór i ngan fhios dóibh fhéin - ar chlár fáisnéise faoi bhaitsiléirí Chorca Dhuibhne.

"Hammocking" a dúradh liom uair amháin a thugtar ar an mbainistiú sceidil seo: déarfainn féin gurb é an codladh a leanann compord mealltach an hammock.

Bainfimid amach an buaicphointe is mó fós san athbheochan, dar liom, nuair a chraolfar clár Gaeilge de shaghas The OC, a bheidh lonnaithe i gCois Fharraige nó i nGaoth Dobhair nó fiú i gcathair Bhaile Átha Cliath, seachas san Orange County.

Nó nuair a chraolfar clár grinn as Gaeilge a bheidh ar aon chaighdeán le Curb Your Enthuasiasm, sraith Larry David a cheannaíonn TG4 ó HBO, an cainéal neamhspleách Meiriceánach.

Faraor, ní tharlóidh sin nó go mbeidh na hacmhainní cuí ann le teacht i dtír i gceart ar an tsamhlaíocht is léir bheith amuigh - ach í a fhorbairt agus a chothú.

Ní féidir le TG4 an méid sin a dhéanamh go críochnúil de dheasca an easpa airgid a fhágann go mbíonn leathshúil i gcónaí acu ar na cuntaisí agus ar an sladmhargadh Meiriceánach nó spóirt a mheallfaidh isteach an lucht féachana agus na fógróirí a leanann iad.

A fhad is atá na seifteanna riachtanacha a mhúineann an gá á gcleachtadh go máistriúil ag TG4 tá an seans ann go bhfuil creimeadh á dhéanamh, de réir a chéile, ar fhís bhunaidh an stáisiúin.

Is furasta bheith ag magadh faoi TG4 nó an stáisiún a cháineadh as ligint rómhinic don chuma an ceann is fearr a fháil ar an gcumas. Tá sé chomh furasta céanna moladh bréagchráifeach nach bhfuil tuillte aige a thabhairt dó. Is í fírinne an scéil ná go bhfuil an stáisiún Gaeilge anois ag staid an-leochaileach agus go gcaithfear an sparán stáit a oscailt.

Tá TG4 ag súil go mbeidh na hacmhainní acu sa tréimhse amach romhainn le sé uair an chloig de chraolachán Gaeilge a sholáthar in aghaidh an lae.

Beidh an stáisiún deich mbliana ar an bhfód an bhliain seo chugainn agus tá an méid sin ar a laghad tuillte aige. Agus samhradh spórtúil den scoth tugtha leo acu tá sé in am deis a thabhairt do TG4 an fómhar a bhaint.

Tá Seán Tadhg Ó Gairbhí ina eagarthóir ar Foinse, príomhnuachtán náisiúnta na Gaeilge. Is féidir le daoine síntiús a ghlacadh leis an nuachtán ach scairt ar 091-595520 nó www.foinse.ie Beidh Pól Ó Muirí ar saoire tinnis go ceann roinnt seachtainí.