An saol

CROBHINGNE: TÁIMID FÓS san idirthréimhse sin, rogha an CAO déanta, agus bagairt na scrúduithe stáit romhat amach

CROBHINGNE:TÁIMID FÓS san idirthréimhse sin, rogha an CAO déanta, agus bagairt na scrúduithe stáit romhat amach. Comhairleoirí agus treoraithe agus tuismitheoirí agus lucht aitheantais ag tathant ort seo nó siúd a dhéanamh. Baineann an seo is an siúd úd udaí údan i gcónaí leis an saol réalaíoch.

Bhí aithne agam tráth ar mhúinteoir treoirghairme a chomhairlíodh dá chuid daltaí dul le filíocht. Deirtear liom anois go bhfuil cónaí air ar oileán mara agus é ag caint leis na róin. Tá sé breá sásta mar faigheann sé blas ar an bhfeamainn agus tuigeann sé go blasta méileach na n-uan. Briseadh as a phost é mar níor thuig sé an saol réalaíoch.

B’é a bhí sa saol réalaíoch, gan amhras, ná dul leis na gairmeacha tura. Tá gairmeacha áirithe tur ar an talamh mar atá gairmeacha eile fliuch ar neamh. Dheimhnigh an ghairm thur nár bhaol duit eitilt, ach nár bhaol duit dul san abar ach an oiread. Bhí an ghairm thur i lár an bhóthair agus clochacheangailte leis an saol iarbhír. Dheimhnigh an ghairm go bhfaighfeá airgead ach dul le hairgead. B’é an t-airgead an saol réalaíoch.

Ar chúis éigin tá fálta amach againn nach bhfuil an saol réalaíoch mar a thuairisc. Ar chúis éigin tá fionnaithe againn gurb iad lucht an tsaoil réalaíoch an dream is mó fantaisíocht ar fad. B’iad an t-airgeadas agus an eacnamaíocht agus an ineistíocht agus an spéacláireacht maoine an saol réalaíoch. Bhí na cistí sceiche chomh sothadhaill leis na bláthanna ar na toir. Bhí na sceallóga gorma á rolláil amach chomh mear is a goldman sucs.

READ MORE

Más dalta ardteistiméireachta tú sáirsingeofar siar ort nach foláir duit dul leis an saol réalaíoch. Is é an saol réalaíoch an saol a dhéanfaidh do phóca ramhar agus a chuirfidh cóistí ar bhóithre duit féin agus do shliocht do shleachta siar agus ar aghaidh agus go brách na broinne. Is é an saol réalaíoch ná an saol sin nach mbeidh baint dá laghad agat leis ag an deireadh seachtaine, ná i rith do chuid laethanta saoire. Is é an saol réalaíoch an saol sin a n-éalaíonn tú ann toisc go bhfuil an saol in aice láimhe rólom, ró-aoibhinn, ró-iomlán.

Is dá réir sin nach mbaineann filíocht nó ceol nó scéalta nó aislingí nó bláthanna nó rince trá nó siúl ar na sléibhte nó briota gaoithe id chuid gruaige nó greann dubh maidne nó leann dubh iarnóin nó dinnéar beirte nó coinnle ar uisce nó mus an chrom cinn nó focal nua nó boladh leabhair úir nó bóthar casta nó gealach shalach nó foirgneamh ar imeall na slí nó gáire linbh i lár na doircheachta nó seanphota rua nó iarmharacht éirí gréine leis an saol réalaíoch. Is ann dóibh gach lá agus gach ré sholais, ach ní cuid den saol réalaíoch iad.

Is é atá sa saol réalaíoch ná an saol fantaisíochta tabhartha chun talaimh. Is réalaíchí riamh agus feasta é an saol fantaisíochta ná an saol a ceapadh a raibh a dhá chois ar an gcré aige. Tá de chosaint ag lucht béaloidis (an chuid is mó díobh de réir daonáirimh amháin) go gceapann a bhformhór nach bhfuil sna sióga agus sna leipreacháin agus sna clúracáin ach ceapadóireacht.

Níl de chosaint ag lucht an tsaoil réalaíoch ach gur cheap siad nach nochtfadh na sióga agus na leipreacháin agus na clúracáin, agus go deimhin féin na luchargáin agus na síofraí agus na daoine beaga féin. Ba lú ná sin a cheap siad go mbeadh gréasaithe na scillinge bige amuigh ag feitheamh agus ag fanacht le fíoch.

Ní hé an saol réalaíoch a bhí in allód ann agus an saol réalaíoch atá anois ann. Sa tráth sin roimh an díleann, bhain an saol réalaíoch le baincéirí agus le dlíodóirí agus le forbróirí agus le measúnóirí guaise agus le comhairleoirí rachmais agus le stiúrthóirí speilpe agus le hineisteoirí seansúla agus le húsairí hucstaeireacha agus le cuntasóirí cuntasacha agus le polaiteoirí púdair agus le gach duine a shiúil an tslí chéanna leo. Sa tráth seo tar éis na dílinne tá an saol réalaíoch gafa ar ais ag na daoine a raibh cónaí orthu riamh ann.

Ná téitear ag méiseáil leis na déithe úd ar déanadh dearmad orthu! Díoltas na hÍoslainne ar na déithe caipitlíocha is ea fearg Loki – más é atá ann – nó b’fhéidir Eyjafyallajokull nó Gofrigu nó Ófuch nó Brúcht nó Bram nó Broim nó pé spiorad teasaí atá ag cur a bhundúin amach i gcoinne an tsaoil réalaíoch nach saol réalaíoch níos mó é.

Tá an saol réalaíoch gafa ar ais ag an saol fothalamh balbh go díreach mar atá an saol lasnairde gafa ar ais ag bolg an domhain.

An chéad uair eile a chuirfear id leith nach bhfuil cónaí ort sa saol réalaíoch, smaoinigh leat ar an saol réalaíoch ar mhaith leat cónaí ann.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar