An bhréag mhór

CROBHINGNE: CÉN FÁTH a gcreidtear iad ar an gcéad dul síos? Tuigim go maith cad ina thaobh gur theastaigh ó mhuintir Dhoire …

CROBHINGNE:CÉN FÁTH a gcreidtear iad ar an gcéad dul síos? Tuigim go maith cad ina thaobh gur theastaigh ó mhuintir Dhoire Cholm Cille agus ó mhuintir Dhoire Chalgaigh go nglanfaí an smál dá gcathair. Ní dócha go dtuigeann aon duine an phian agus an fhearg agus an frustrachas siar amach a bhain leis na blianta fada sin inar lorgaigh siad an ceart, ach amháin iad féin. Is é nach dtuigim ná cad chuige ar shíl duine ar bith nach raibh a fhios againn cad a tharla lá sin na sléachta.

Cén fáth a ngéillfí do na húdaráis in aon chor? Tá airm agus státseirbhísigh agus iriseoirí fostaithe acu chun a gcasadh féin a chur ar an mbréag. Nuair a scríobhann ambasadóir ó stát a bhfuil dúnmharú oifigiúil éigin déanta aige – agus is liosta le háireamh iad – cad é an chúis go mbacfá solas do shúile agus baol do bhrú fola chun í a léamh?

Níl i dtuarascáil an Tiarna Saville um Dhomhnach na Fola ach smut den rud a mbeifeá ag súil leis. Ní hí iomláine na fírinne í, mar ní hann d’iomláine na fírinne. Níor chuaigh sé lasnairde den mhéid a tharla ar na sráideanna, agus níor scrúdaigh an dréimire cas chomh fada leis an nead is airde. Tar éis an tsaoil, tiarna is ea é, agus tá tiarnaí dall ar go leor toisc gur tiarnaí iad. Ar deireadh, sholáthraigh sé an méid a bhí ar eolas ag madraí na sráide, ag na filí, ag na húrscéalaithe, agus níos tábhachtaí, ag na gnáthdhaoine a bhí ag siúl bhóithre na banríona an lá mí-ámharach áirithe sin.

Dhein óglaigh Iosrael dúnmharú ar Thurcaigh ar an meánmhuir gan choinne tá breis agus coicíos ó shin ann. Sula raibh caoi ag an saol mór an eachtra a shealbhú, b’eo chugainn na bréaga ina slaoda. Lándáiríribh píre agus lámh ar gach ball dár gcorp, ar chreid duine ar bith a raibh níos mó cillíní intinne aige ná mar a bhíonn ag an ngnáth-theaghlach ríoga, ar chreid siad siolla dá mbréaga mún? Ní hé is gátaraí go n-inseofá bréag, ach go n-inseofá an chéad bhréag, agus gur bréag mhór a bheadh ann.

READ MORE

Nuair a dhein na Gearmánaigh i seirbhís na hEorpa ina bhfeachtas sibhialaithe san Afganastáin, nuair a dhein siad ár ar shibhialaigh bhochta cúpla mí ó shin, b’é an chéad fhreagra a tháinig uathu ná gur Taliban (agus is ceart gach duine díobh sin a mharú, gan amhras) a bhí iontu. Agus cé nach leasc leis an Taliban buachaillí óga a chur sa bhearna bhaoil, ba dheacra a chreidiúint gur drochdhaoine amach is amach ba ea na mná a raibh páistí ar a ndroim acu, go fiú is má ghéill siad d’Allah. Ach cén fáth ar chreid duine ar bith iad?

Tugtar oideachas dúinn agus beagán cúilfhéithe agus ruainne de bhraon beag na tuisceana ionas gur féidir linn breithiúnas a dhéanamh. Cuir i gcás go ndéanfadh fórsaí na sibhialtachta réamhionsaí ar an Iaráin. Níl ann ach drochsmaoineamh, ní móide go dtarlóidh aon ní mar é. Níl sé de nós ag tíortha na hEorpa ionsaí gan choinne a dhéanamh ar thíortha eile. Seachas, gan amhras, ar an Maróic, an Ailgéir, an Éigipt, an tSiria, an tSúdáin, an Iordáin, an Liobóin, an Afganastáin, an Iaráic, An Nigéir, Mali, an Cote d’Ivoir, an Congó, Vítneam, Laos, an Chambóid, an India, agus abraimis chomh maith, Burkina Faso, an Chéinia, Namibia, an Afraic Theas, agus an tSín chomh maith, gan trácht ar an Tiobóid, Libia, Angola, an Bhotsuáin, Sead, Sierre Leone, Sri Lanka, an Téalainn agus cúpla ceann eile a bhfuil dearmad déanta agam orthu nó a bhfuilim róleisciúil d’fhonn féachaint arís ar léarscáil an domhain. I leataoibh uathu sin, áfach, ní nós leo dul amach ag creachadh agus ag loscadh.

Ach cuir i gcás, agus níl ann ach cur i gcás, go dtarlódh sé de chor sa tsaol go ndéanfaí réamhionsaí ar an Iaráin, bheadh leithscéal éigin ag teastáil. Bheadh an chéad leithscéal amuigh sula bhféadfaí putóga an chéad linbh a bhaint den tsráid. Ach an gcreidfeá é?

An gcreidfeá é ach oiread le rún mhurascaill Tonkin? An gcreidfeá é ach oiread le Prótacóil Sheanóirí Shióin? An gcreidfeá é ach oiread le WMDeanna Soddom Hussein?

Is den saol poiblí é an bhréag mhór. Bhí na Sasanaigh amuigh go pras leis na leithscéalta ar ceathrúscéalta agus níos táire ná sin a bhí iontu. Chuir siad ribín síoda timpeall ar Widgery agus cuireadh snas ar an mbréag. Ba ghá an bhréag sin a nochtadh leis an inneall céanna a dhaingnigh ar tús é. Ach bhí a fhios againn an t-am ar fad, go díreach faoi mar is eol dúinn gur bréag mhór is ea an chéad ráiteas a thagann amach as béal an údaráis tar éis dóibh an éagóir a dhéanamh.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar