An aoir gan aithne

Beocheist: A Bhriain Uí Nualláin, róluath a sciobadh chun siúil thú

Beocheist: A Bhriain Uí Nualláin, róluath a sciobadh chun siúil thú. Chaill tú an chuid is fearr, a Bhriain, ach ar a laghad níor mhair tú chun bheith i láthair ag faire na haoire. Mar is oth liom a rá leat, a Bhriain, go bhfuil an aoir liteartha in Éirinn i mbaol ollmhór.

Í tugtha amach ar thaobh an bhealaigh mhóir, cochall ar a cloigeann aici agus í beagnach buailte chun báis mar a bheadh príosúnach Iarácach inti.

An chéad bhuille a tugadh di ná an cás a chuir na mílte saighdiúirí ar an Rialtas as iad a thraenáil ar ghunnaí gan chluasáin a thabhairt dóibh.

Do ghabh trian d'fhearaibh Éireann re bodhaire, mar a déarfá. Le blianta níor tuigeadh cén fáth go labhradh na mílte fear in Éirinn lena chéile i dteanga chomharthaí na mbodhar.

READ MORE

Ansin, aithníodh gur iarshaighdiúirí a bhí iontu.

Cad é a bhí ar intinn an Rialtais gunnaí a thabhairt do shaighdiúirí sa gcéad dul síos? Earraí contúirteacha atá sna gunnaí céanna.

Ní amháin gur féidir leo daoine a bhodhrú ach, ó am go céile, scaoiltear urchair astu agus maraítear daoine.

Cibé ar bith, a Bhriain, thit an lug ar an lag ag an aoir nuair a íocadh na milliúin punt cúitimh le saighdiúirí as traenáil torránach gunnaí a fháil. D'imigh an loinnir as a súile agus an greann as a gnúis.

Sa deireadh, tugadh chun an ospidéil í ach dúradh go mbeadh uirthi fanacht ar throllaí sa bpasáiste ar feadh dhá mhí dhéag.

Ba chuma sin, a Bhriain, ach cosúil leat féin, bheathaigh sí í féin ar mhilseacht na feirge, ar shearbhas an drochmheasa agus corrthoitín mar anlann leo.

Bualadh an dara buille uirthi nuair a cuireadh in iúl di nár ceadaíodh toitíní a chaitheamh in áiteacha oibre ach amháin i bpríosúin agus in ospidéil.

Lagmhisneach a tháinig uirthi, a Bhriain, nuair a chuala sí é sin agus í sínte ar a trollaí compordach.

Cosc ar chaitheamh tobaic, ach amháin in ospidéil mheabharghalair! I ríocht na samhlaíochta, ní fhéadfaí a leithéid a cheapadh.

Ach níor thuig an créatúr bocht impleachtaí an scéil, go raibh sí féin díomhaoin gan aon fheidhm feasta agus, a Bhriain, ba bheag inár measc a raibh sé de mhisneach ann é a rá os ard.

I nganfhios dúinn, áfach, ba mheasa an scéal.

Ba é an buille a leag ar fad í an taighde nua a mhaíonn go bhfuil seans an-mhaith ann gur féidir le múinteoirí cúiteamh a lorg ón Rialtas as an dualgas a bhíonn orthu labhairt sa rang. Do ghabh trian eile d'fhearaibh Éireann re bailbhe.

Léiríonn an staidéar go mbíonn fadhbanna gutha ag 80 faoin gcéad de bhunmhúinteoirí agus go bhfuil na fadhbanna sin go dona i gcás 27 faoin gcéad díobh. Agus cé hiad a rinne an taighde seo ach Coláiste Ollscoile Átha Cliath?

Deir siad go bhfuil an staidéar mór go leor agus gur tugadh an oiread sin d'aisfhreagra air gur léir gur fadhb náisiúnta atá i gceist.

D'fhéadfadh an Rialtas bheith freagrach muna ndéantar rud éigin chun an fhadhb seo a réiteach, díreach mar a fuarthas freagrach é i gcás na saighdiúirí.

Bhuel, a Bhriain, chaill an aoir an aithne ar fad nuair a chuala sí an méid sin.

Bhí arm againn nach scaoilfeadh gunnaí gan chluasáin, cosc ar chaitheamh tobaic ach amháin in ospidéil agus anois b'fhéidir múinteoirí ar lorg cúitimh as labhairt sa rang.

Tháinig dochtúirí léannta chun an aoir a scrúdú ar a trollaí.

Tar éis mórán teisteanna, ní rómhaith an scéal a bhí acu dúinn. Mhínigh sé go mbíonn an aoir ag brath ar osréalachas a dhéanamh as réalachas chun mairstin slán, gurb í an áibhéil a ritheann mar fhuil i gcuislí na haoire ach go gcaitear ábhar bheith ann arbh fhéidir áibhéil a dhéanamh air.

An fhadhb atá ann, a dúirt siad, nach féidir osréalachas a bhaint as rud atá osréalach cheana féin.

Má leantar leis an gceartchreideamh polaitiúil seo sa tír, a dúirt na dochtúirí, beidh fir dóiteáin ag fáil cúitimh as toit a analú, píolótaí ag fáil cúitimh as vertigo bheith orthu agus iriseoirí ag fáil cúitimh as dochar an iomarca dí ag preasócáidí.

Ní fhéadfadh an aoir teacht slán as.

Agus sin agat ár gcás, a Bhriain. De réir na saineolaithe tá an aoir fágtha gan aithne gan urlabhra ag an rócheartchreideamh agus an rith chun dlí a bhaineadh díoscán as d'fhiacla agus tú i mbarr do réime.

Cá bhfuil an Clár Bog Déil?

Is í mo mhóreagla go bhfuil sé ionainn.