Alloys airgid ar an gcairt acu

Beocheist: Tá an tslí shimplí chun maireachtálta caillte i measc ghleo agus smúit na cathrach.

Beocheist: Tá an tslí shimplí chun maireachtálta caillte i measc ghleo agus smúit na cathrach.

Leis na hathruithe seo, tá ról na mná tar éis imeacht trí mheiteamorfóis dochreite le cúpla bliain ach is í an cheist ar theanga gach éinne ná: le linn an athraithe seo an bhfuilimid fágtha le féileacán álainn nó créatúr éigin eile ar fad?

An oíche eile sa tigh tábhairne bhíos ag caint le triúr cairde, duine ón bhFrainc, ón Ghearmáin agus ó Pheiriú.

Dúradar ina dtíortha dúchais ná gléasann na cailíní aon phioc cosúil le mná na hÉireann; dúradar an tslí a n-iompraíonn mná na hÉireann iad fhéinigh, tá sé an-difriúil leis an tslí a n-iompraíonn mná a dtíortha dúchais iad fhéinigh.

READ MORE

Cé air atá an locht as an athrú áiféiseach atá tar éis teacht ar mhuintir na hÉireann, go háirithe an bhantracht?

Airgead, b'fhéidir? Is é an argóint a bhí ag mo chairde sa phub an oíche eile ná go raibh Éire ag imeacht trí thréimhse mhín ó thaobh eacnamaíochta de agus tá siad ag iompar iad fhéinigh ar nós nouveaux riche.

Nó b'fhéidir go bhfuil tionchar na gcultúr Meiriceánach agus Sasanach níos mó le braith in Éirinn anois agus tá sé sin freagrach as na mionsciortaí fáil níos giorra agus gach éinne ag caint go tobann faoi cén sórt "alloys" atá ar an gcairt acu.

Ní fhéadfainn idirdhealú a dhéanamh idir Lexus agus Lada agus an aon dochar é sin?

Nílim róthógtha, caithfeadsa a rá, leis an tslí go bhfuil cúrsaí ag dul in Éirinn. Deireann daoine gur dul chun cinn atá ann, ach is dul chun cinn bréagach atá ann - má tá anam agus spiorad na tíre á chailliúint dá bharr.

Táim díreach tar éis bogadh go dtí an chathair agus uaireanta thógfaidís an ghualainn uait ag siúl thart ar na sráideanna gnóthacha dár bpríomhchathair aoibhinn; in ionad stopadh agus é a thógaint go breá mall socair sibhialta. Tá meon nua sa tír seo agus níl an fhadhb ach ag méadú.

Dúirt cara liom go raibh na leanaí a bhí críochnaithe an Teastas Sóisearach ag céiliúradh i limousines, ag imeacht timpeall an bhaile iontu agus a gcinn sáite amach a mbarr ag scréachaigh. Don Teastas Sóisearach, cuimhnigh! I mo lá-sa gheofá slabhra suarach nuair a bhíodh an Ardteist bainte amach agat ach anois is turas go dtí na Gran Canaries a fhaigheann siad.

Níl aon dabht ach go bhfuil sochaí na hÉireann athraithe leis an airgead atá tar éis teacht isteach sa tír. Le dul chun cinn eacnamaíochta i gcónaí tagann níos mó airgid, níos mó saibhris, níos mó béime ar shealbhaíochtaí.

Ach is dócha gurb é an t-athrú is mó a chuireann isteach ormsa ná an easpa féinmheasa atá ag méadú i measc an aosa óig.

Táim lán i bhfábhar mná a bheith láidir agus ceart acu a bheith bródúil mar mhná ach tá nasc idir an t-athrú seo agus an tslí a ngléasann na cailíní.

Tá na sciortaí chomh beag bídeach anois n'fheadar an bhfuil siad ann in aon chor uaireanta. Tá níos mó craicinn le feiscint ná éadach anois. Ní mionlach beag atá á dhéanamh, is gnáthchrot é seo anois le bheith ort.

Táimse fós óg mé fhéinigh ach tá na déagóirí anois imithe thar fóir. Ní leor "strappy top" agus péire "jeans" i gcóir oíche amuigh a thuilleadh. Gléasann cailíní ar nós mainicíní atá díreach tar éis teacht ó catwalkanna Milano. Má leanann cursaí mar atá beidh bean fhreastail phearsanta ag gach aon chailín óg sula sroicheann sí 15 bliain d'aois.

Tá seanfhocal ann a deireann gurb é an duine an t-éadach, ach cuid dos na fir is léannta go bhfuil aithne agam orthu, is cuma gharbh atá orthu agus éadaí giobalacha.

Fadó, ní chífeá Peig Sayers ag argóint le hEibhlín Ní Shúilleabháin go raibh bánóg Louis Vuitton uirthi. I slí amháin is iad a bhí níos saibhre dá bharr.

Saol níos bunúsaí a bhí acu ina raibh ábhair chainte níos tábhachtaí acu ná déantús a n-éadaí is dócha - agus ní raibh aon ghá d'alloys airgid ar an gcapall agus cairt leis!