Airgead ollscoile

Den chéad uair riamh, tá scéim scoláireachtaí bunaithe ag Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo do mhic léinn a bhfuil…

Den chéad uair riamh, tá scéim scoláireachtaí bunaithe ag Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo do mhic léinn a bhfuil Gaeilge acu. Is fiú €2,000 na scoláireachtaí bliana seo agus bronnfar ar mhic léinn an chúrsa BA i nGnó agus Cumarsáid i Meán Fómhair 2004 iad.

Dúirt léachtóir ar an chúrsa, Donncha Ó hÉallaithe, go raibh sé an-sásta go raibh an chéim shuntasach seo tógtha ag an ollscoil agus a tacaíocht tugtha don scéim: "Tá páirt an-tábhachtach le n-imirt againn i bhforbairt na Gaeilge ag an tríú leibhéal."

Níl ach dhá chúrsa den chineál seo á reáchtáil go hiomlán trí mheán na Gaeilge agus mheallfadh na scoláireachtaí "daoine den scoth" le páirt a ghlacadh ann. Bhí sé ag súil le toradh deimhneach ar an scéim agus go mbeadh "an cúrsa ní ba láidre ná riamh".

Faoi láthair, tá 10 gcinn de scoláireachtaí ar fáil do mhic léinn Ghaeltachta agus cúig cinn eile ar fáil do mhic léinn nach as an Ghaeltacht iad.

READ MORE

Is cúrsa ceithre bliana céime é BA i nGnó agus Cumarsáid. Tugann an cúrsa oideachas i réimse leathan ábhar gnó chomh maith le hoiliúint i ngnéithe praiticiúla den chumarsáid. Eolas: 091-742052 nó cian.marnell@gmit.ie