Aghaidh fidil

BHÍ SCANNÁN greannmhar ag Woody Allen tamall de bhlianta ó shin. Suite sa Ghréig a bhí sé, tréimhse na mórfháithe

BHÍ SCANNÁN greannmhar ag Woody Allen tamall de bhlianta ó shin. Suite sa Ghréig a bhí sé, tréimhse na mórfháithe. Aghaidh fidil á caitheamh ag na príomhcharachtair ann, canúint agus béarlagair Mheiriceá an lae inniu á spalpadh acu. Bhí roinnt den chomhrá thar a bheith greannmhar go mór mór nuair a sciorr na maisc ó am go chéile.

Cad chuige an masc ag na Gréagaigh, a deir tú agus iad mar chomharthaí coiméide agus traigéide go dtí an lá inniu? An drámaíocht agus an mhiotaseolaíocht a bhí mar chroílár luathchultúr na Gréige, agus an ceart ar fad acu an tosaíocht sin a thabhairt dóibh.

Bunphrionsabal na seanfhealsúnachta sin? Bhí ceart chun oideachais ag chuile dhuine, ní hamháin iad siúd a raibh cónaí orthu sna cathracha móra nó sna ceantair rachmasacha. Níorbh amadáin iad na sean-Ghréagaigh sin. Agus formhór na muintire gan scríobh (mar a bhí ar fud na hEorpa sa Mheánaois) thuigeadar cumhacht na scéalaíochta, cumhacht na staire agus an modh teagaisc ollchumhachtach atá sa drámaíocht. Foghlaim agus sealbhú cultúir a bhí san amharclannaíocht agus sa drámaíocht. Na téamaí uilíocha a bhí mar chuspóir ag fáithe agus drámadóirí na linne, gach gné den duine a nochtadh.

Cúis thábachtach eile a bhain leis an masc: d’fhéadfaí na ceisteanna móra go léir a phlé go hoscailte gan cur i gcéill agus an aghaidh fidil á caitheamh mar chosaint acu. Ó thaobh na miotaseolaíochta de, ba shiombailí iad na maisc chéanna d’anord na beatha.

READ MORE

Is téama uilíoch í an aghaidh fidil féin, téama a dtéann na healaíontóirí agus na smaointeoirí ar ais chuici i gcónaí. An scannán sin a thaitníonn go mór leis na páistí, The Mask, agus an scannán eile sin atá bunaithe ar shaothar Dumas, L’Homme au Masque de Fer. An féidir Yeats a thuiscint gan tuiscint a bheith againn don mhasc? Blianta deiridh do shaoil, arsa Cesare Pavese, is geall le deireadh ag teacht le damhsa masc iad, nuair a bhaintear an masc.

Tá an aghaidh fidil níos cumhachtaí ná riamh sa chultúr comhaimseartha. Cad atá sna cláir réaltachta sin go léir go minic, leithéidí Big Brother, Come Dine with Me, na comórtais amhránaíochta, ach drámaí beaga agus cur i gcéill ar siúl, aghaidh fidil ar dhaoine.

Bhreathnaigh mé ar sheanscannán cáiliúil Seapánach Aghaidh Duine Eile a stiúir Hiroshi Teshigahara sa bhliain 1966, scannán atá bunaithe ar úrscéal den teideal céanna scríofa ag Kobe Abe, scríbhneoir Seapánach a bhfuil cur amach áirithe air san Iarthar.

Léargas atá sa scannán seo ar an méid a tharlaíonn d’fhear gnó, Okuyama, fear a raibh timpiste thubaisteach aige sa mhonarcha. Dódh go han-dona é sa chaoi go mbeadh aghaidh nua de dhíth air. Cruthaíonn na dochtúirí aghaidh fidil sách réalaíoch dó, aghaidh nua atá cóngarach go leor don chló a bhí air tráth. Tharla sé seo sa tréimhse sin roimh theacht na máinliachta plaistí, gan dabht.

Tugtar aghaidh nua dó. Ní hamháin go dtugtar deis dó an saol a bhí aige roimh an timpiste a athchruthú ach ar bhealach aisteach éigin, tugann an aghaidh fidil sin léargas breise dó ar an saol. Tá “súil eile” anois aige, léargas níos gléine ná mar a fuair sé faoina sheanchló.

An fear a chruthaíonn an aghaidh fidil nua dó, fear darb ainm Hira, tugann sé rabhadh do Okuyama. D’fhéadfadh sé tarlú go n-athródh an aghaidh fidil nua seo pearsantacht agus iompar Okuyama, go mbeadh an “sean-Okuyama” díbeartha agus neach nua tagtha ina áit. Samhlaítear ionannas daonna faoi leith le gach aghaidh agus mura mbíonn sé cúramach d’fhéadfadh Okuyama a thuiscint dá mhoráltacht féin a chailleadh.

Coinníonn Okuyama an timpiste agus an aghaidh fidil nua faoi rún agus ní luann sé lena bhean chéile fiú go bhfuil an cor mór nua seo ina shaol. Chomh fada agus is eol dá bhean, bíonn Okuyama imithe leis ar fud na Seapáine ar feadh tréimhsí fada agus é i mbun oibre. Ní hamhlaidh atá áfach. Tógann Okuyama árasán ar cíos in aice lena bhaile féin agus déanann sé iarracht a bhean chéile féin a mhealladh. Éiríonn leis é seo a dhéanamh gan mórán stró agus ansin nochtann sé di cé hé féin.

Bhí argóint uafásach eatarthu agus cé gur áitigh a bhean go raibh a fhios aici gurbh é Okuyama a bhí ann an t-am ar fad fiú agus an aghaidh fidil á caitheamh aige, níor ghéill sé di.

Theip ar an gcaidreamh eatarthu, d’fhág Okuyama an t-árasán a rabhadar in aontíos ann ar feadh na mblianta agus feicimid é ag fánaíocht thart ar shráideanna na cathrach, i measc na bplód gan ainm. Scannán thar a bheith spéisiúil é seo, saothar a thaispeánann go raibh an stiúrthóir scannáin seo Teshigahara fadradharcach agus chun cinn maidir le ceisteanna móra ár linne.