Ag filleadh ar an bPolainn

Beocheist: Tá scoil samhraidh na teanga Polannaí ar siúl in Ollscoil Chaitliceach Lublin (KUL) le beagnach 30 bliain anuas…

Beocheist: Tá scoil samhraidh na teanga Polannaí ar siúl in Ollscoil Chaitliceach Lublin (KUL) le beagnach 30 bliain anuas.

Bíonn ranganna gramadaí ar siúl óna naoi ar maidin go dtí meán lae. Ansin bíonn léacht faoi ghné de chultúr na Polainne agus i ndiaidh an lóin freastalaíonn daltaí ar ranganna comhrá.

Bíonn líon maith Meiriceánach ar an gcúrsa gach bliain, ní nach ionadh ós rud é go bhfuil suas le 10 milliún Polannach-Mheiriceánach sna Stáit.

Is sagart paróiste é an tAthair Tony Wróblewski in Duluth, Minnesota. Rugadh a thuismitheoirí sa Pholainn roimh an dara cogadh domhanda ach toisc athruithe bheith tagtha ar theorainneacha na Polainne tar éis an chogaidh tá áit bhreithe a athar anois mar chuid den Bhealarúis agus is san Úcráin atá baile dúchais a mháthar suite.

READ MORE

I ndiaidh an Pholainn bheith roinnte idir Hitler is Stalin díbríodh teaghlach a athar go Archangelsk in iar-thuaisceart na Rúise. Carcraíodh a mháthair i sluachampa géibhinn Dachau sular cuireadh go campa oibre sa Ghearmáin í, áit ar éigníodh í agus sé bliana d'aois aici.

Tar éis an chogaidh bhain an bheirt acu Minnesota na Stát amach. Bhuail siad le chéile sna 1950í agus pósadh iad i 1961.

Tá máthair an Athar Wróblewski dearfa de nach dtiocfaidh sí ar ais go dtí a tír dhúchais ach i 2003 tháinig an sagart paróiste seo chun na Polainne i dteannta a athar, arbh é an chéad chuairt aige anseo é ó díbríodh go Archangelsk é breis is 60 bliain ó shin.

Ba le linn an turais seo a thuig Wróblewski gur theastaigh uaidh an Pholainnis bheith aige. Tá formhór mór a dhaoine muinteartha fós sa Pholainn, rud a fhágann nach mbíonn aon easpa lóistín aige agus é anseo.

Ní chomh deas réidh atá cúrsaí ó thaobh fhoghlaim na teanga de, áfach:

"Is dúshlán mór é. Labhraíodh mo thuismitheoirí an Pholainnis liom go dtí go raibh cúig bliana agam ach toisc imní bheith orthu nach mbeadh Béarla maith agam tugadh droim láimhe leis an bPolainnis agus d'iompaigh siad ar an mBéarla."

Mar sin tá cumas éigin cainte ag an Athair Wróblewski ach is rud eile ar fad é scríobh is labhairt na teanga.

Is Polannach é an tOllamh Micheal Mikos a bhain céim sa Bhéarla amach in KUL ach thréig sé an Pholainn i 1967 mar gheall ar ghéarleanúint seirbhísí slándála an chórais chumannachais.

Is ollamh anois é in Ollscoil Wisconsin-Milwaukee ach ó 1981 tá a chuid samhraí tugtha aige in KUL. Tagann sé anseo le mic léinn ó na Stáit ar féidir leo ranganna Polainnise a dhéanamh anseo agus creidiúint a fháil ar a son ina n-ollscoileanna i Meiriceá. Dar le Mikos go bhfuil "na ranganna dea-eagraithe, tá suim ag na múinteoirí ina n-obair is bíonn líon beag daoine i ngach rang". Cé gur cathair níos deise é Kraków, príomhchathair stairiúil na Polainne, "bíonn an-iomarca mac léinn ar an scoil samhraidh ansin. Pé scéal é, tá saol Lublin níos giorra do shaol na Polainne mar atá sé i ndáiríre".

Ach ní hé go mbíonn ceangal dúchais ag gach duine a thagann anseo chun an Pholainnis a fhoghlaim. Is iar-shaighdiúir Meiriceánach é Jason Cisarano a bhí in Kuwait i rith an chogaidh 1990 - 1991. Fostaíodh é in Ambasáid Mheiriceá i Vársá ó 1992 go 1994 agus is as seo a eascraíonn an tsuim aige sa Pholainnis. "Seo an ceathrú samhradh as a chéile dom ar an gcúrsa Polainnise seo. Tá an fhoireann lách, fuinniúil agus meas acu ar na foghlaimeoirí. Ach is trua nach maolaíonn sé seo ar a dheacra atá teanga na Polainnise."

Daoine eile a fhreastalaíonn ar scoil samhraidh KUL nach de mhuintir Pholannach iad ná na Mormannaigh. Is Meiriceánaigh iad na Mormannaigh seo a bhfuil tréimhse tugtha acu sa Pholainn cheana mar mhisinéirí agus teastaíonn uathu a naisc le cultúr is teanga na Polainne a choinneáil. Is ó Maryland Mheiriceá Joseph Nehila. "Bhí mé sa Pholainn i 2002 agus 2003 mar mhisinéir. Tháinig mé ar ais ar an scoil samhraidh seo le nach gcaillfinn gach focal Polainnise a bhí foghlamtha agam."

Tá timpeall 100 misinéir Mormannach sa Pholainn arb é an phríomhaidhm acu ná Mormannaigh a dhéanamh de dhaoine.

Seachas na Meiriceánaigh go léir seo tá daoine ón bhFrainc, ón gCróit, ón nGearmáin is ó thíortha nach iad atá ag déanamh staidéir ar an bPolainnis ar ollscoil. Tagann siad ar an scoil samhraidh le cur leis an eolas atá acu ar an teanga. Nach aoibhinn beatha an scoláire!