Ag déanamh beart polaiteora de réir briathair

Aithníonn iriseoir iriseoir eile agus baineann siad preab as a chéile

Aithníonn iriseoir iriseoir eile agus baineann siad preab as a chéile. Bhí tuairisc ar an nuachtán seo Dé Sathairn faoin atheagar atá an Taoiseach, Bertie Ahern, le cur ar an chaibinéad ar ball.

Rinneadh tuairmíocht faoi na polaiteoirí a bhí le hardú nó le hísliú céime a fháil agus bhí tagairt don Aire Éamon Ó Cuív sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

D'aithin údar an ailt, Mark Hennessy, comhfhreagraí polaitíochta, cumas oibre Uí Chuív ach ba é a bharúil: "Yet he has disappointed massively." Níor léir cad chuige ar bhain díomá chomh mór sin le Ó Cuív mar Aire. Bhain an abairt preab asam. Ní ghnáthaím an talamh ard céanna le comhfhreagraí polaitíochta ach, i dtrinse seo na teanga, is léir nach ionann an tAire atá ar aithne againn.

Is iomaí sin uair a cheistigh an colún seo polasaithe Uí Chuív mar Aire agus gach seans go gceisteofar arís iad. Is ábhar mór imní é Fóram na Gaeilge (Coiste Comhairleach na Gaeilge, mar a bhí), creidim, de bharr barraíocht ball bheith ar an choiste agus seans go mbainfidh an bhallraíocht rómhór d'éifeacht na hoibre.

READ MORE

Is bocht an mhoill a bhaineann le cur i bhfeidhm pholasaithe an Rialtais. Feidhmníonn cúrsaí polaitíochta de réir cloig eile le hiriseoireacht, gan amhras. Santaíonn iriseoir beart de réir briathair roimh am lóin le go mbeadh deis aige a cholún a ullmhú go luath.

Ach ní déarfainn gur theip go tubaisteach ar Ó Cuív mar Aire le linn thréimhse an Rialtais seo. Déanta na fírinne, is mó atá déanta aige ná mar a thuairiscítear ar an cholún seo nó ar an nuachtán seo.

Ar an mheán, faigheann an colún seo idir trí agus ceithre theachtaireacht ríomhphoist ó Roinn Uí Chuív gach seachtain. Léim iad agus déanaim neamhiontas glan díobh. Ní bhaineann dhá thrian díobh le téarmaí tagartha Thuarascáil.

Cinnte, bíonn áthas orm fáil amach go bhfuil an deontas seo ceadaithe don ché seo nó go bhfuil caoi curtha ar an bhóthar siúd nó go bhfuil a leithéid seo de chlár forbartha Eorpach curtha i gcrích faoin tuath ach ní nuacht agam na fógraí go minic.

Ach is nuacht iad na fógraí ag daoine eile agus is aitheantas iad dá bhfuil ar siúl ag Ó Cuív agus do na rudaí a ba cheart bheith ar siúl ag gach Aire; tá sé ag caitheamh airgead an Stáit ar phobal an Stáit; tá sé ag cur eolais ar fáil go bhfuil sé ag caitheamh an airgid sin agus tá sé ag déanamh a dhíchill feabhas a chur ar infrastruchtúr fisiciúil agus intleachtúil an phobail.

Tá Acht Teanga ann agus mórán nithe eile a bhaineann le timireacht teanga déanta aige. Sea, ní hionann sin agus a rá go mbeifeá ar aon fhocal leis faoi gach rud a dhéanann sé nó faoin bhéim - nó easpa béime - a bhíonn ina chuid polasaithe.

Ach aithnímis an mhaith ina chuid oibre. Is é an t-aon pholaiteoir náisiúnta amháin é a chaitheann dua leanúnach le ceisteanna teanga agus Gaeltachta. Tá an Rialtas líon lán le cainteoirí eile Gaeilge ach ní chaitheann duine ná deoraí acu fuinneamh ar bith leis na ceisteanna céanna.

Cén díomá a bhaineann leis sin?

Léirigh Ó Cuív misneach ar ócáidí roimhe seo ina shaol mar pholaiteoir agus is beag buíochas a tugadh dó as. Thugadh sé cuairteanna ar chimí poblachtánacha sa Bhreatain - neamhghlan na neamhghlan - i bhfad sula raibh sé faiseanta mór a dhéanamh le gluaiseacht na poblachta.

Mhol sé fosta go lorgódh an Phoblacht ballraíocht sa Chomhlathas mar ghníomh athmhuintearais le haontacthaithe Thuaisceart Éireann. Rinneadh beag is fiú de sin ach, agus Ailt 2 agus 3 de Bhunreacht a dhaideo, glanta as cuimhne, d'fhéadfá a rá nach raibh sé chomh fada sin ó sprioc an athmhuintearais.

Bhí frustrachas a cháis le mothú in óráid a thug Ó Cuív le linn Scoil Samhraidh Humbert i Maigh Eo i mbliana. Chuir sé é féin in aithne i nGaeilge agus dúirt: "Now, after my cúpla focal Gaeilge, I'd like to ask you how much that cost the taxpayer? €100? €50? 10 cent? If you're not sure, just look at a few of the recent articles about the Official Languages Act, and you will very soon see that I apparently introduced an Act which neither myself nor anyone else in either of the two Houses of the Oireachtas were aware would cost us hundreds of millions of Euro a year.

"This Act was rushed (leis an bhéim) through in a mere six years and if you are to believe the spin that the media put on the story, the Act is so wide-ranging and all-encompassing that you would nearly believe that I am now responsible for paying every Irish speaker every time they speak in Irish...

"Cynical? Yes. And with good reason. In the last 2 years alone, I have issued 15 press releases regarding the Official Languages Act, I have held press briefings, on certain significant occasions my press office has spoken directly with every newsroom in the country, informing them of various developments relating to the Act and offering one on one interviews with myself, the Departmental website has a whole section dedicated to the Act and every time that there is a new development, we announce it to the media.

"When it comes to the national, English-language media, we might as well be talking to the wall. Apart from the Irish-language media who have followed this story from day one, it is like pulling teeth with the rest to get them interested. Then, all of a sudden, at the start of the silly season this year, the media decides that there is a negative spin that they can put on the story and it becomes big news."

Ag caint a bhí Ó Cuív sular cháin John Deasy, TD, (Toitíní Dála!) an tAcht Teanga sa nuachtán seo le deireanas. Chruthaigh an Irish Times téis an Aire agus cén chiall a bhainfeá as spás a thabhairt do pholaiteoir a bhris dlí de chuid an Stáit le hionsaí a dhéanamh ar dhlíthe eile Stáit?

An ábhar mór díomá é Éamon Ó Cuív mar go ndearna sé beart polaiteora de bharr briathar Rialtais nó an mbaineann an díomá le lucht na meán nach dtugann Cothrom na Féinne dá bhfuil ar siúl aige?

Ba mhór an chaill é dá mbainfí cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta de Ó Cuív. Bogadh an Taoiseach é más mian leis - agus ardú céime a thabhairt dó mar aitheantas as a chuid oibre stuama.

Dráma gan fháil

Tháinig scéal beag chun cuimhne agus cúrsaí ag dul in olcas in Amharclann na Mainistreach. Chuir mé féin dráma chucu agus tháinig litir dheas mhúinte ar ais ar ball, ag dul buíochais liom as an dráma a chur faoina mbráid.

Mhínigh an bainisteoir liteartha go raibh mórán scripteanna acu agus gur nós le beirt léitheoirí iad a léamh sula scríobhfaí tuairisc ar bith. Dá bharr sin, bheadh ráithe nó mar sin i gceist sula mbeadh siad i dteagmháil liom arís.

28ú Lúnasa 2001 an dáta atá ar an litir agus tá mé ag fóill ag fanacht le tuairisc na léitheoirí. Ní dócha gur cheart dom éirí as an phost lae.