An Mámh a chur ar Mheiriceá

College Tribune: Shamhlófaí go mba bháire na fola a bhí ann i Washington thar an deireadh seachtaine.

A fhad is a bhí súile na meán ar fad ó gach cearn den domhan ag ullmhú is ag faire ar insealbhú Trump mar chúigiú Uachtarán is daichead ar Stáit Aontaithe Mheiriceá, bhí na mílte agóidithe amuigh ag súil ar shráideanna na príomhchathrach.

Shiúil an mhórchuid acu go síochánta, ach bhí dream beag a d’éirigh foiréigneach agus iad ag léiriú a míshásaimh leis an gCeannaire nua a bhí á cheapadh ar a dtír. Gabhadh ar a laghad 217 sna cambúis a bhris amach. Ar ndóigh bíonn ceisteanna i gcónaí faoina spreagann iompar dronganna agus is dócha go mba fhlosc chun foiréigin a bhí i gcuid mhaith den drochiompar seo seachas teachtaireacht thomhaiste pholatúil á tabhairt i leith theacht i gcumhacht Trump. Ach fós féin, léiríonn sé go raibh cuid mhaith daoine a bhí corraithe go maith faoin bhfear atá le bheith i bhfeighil orthu don chéad cheithre bliana eile.

Agus gach seans go bhfuil cúis acu a bheith buartha faoi. Bhíothas ag cur i leith Trump go leor uaireanta i rith a fheachtais go mbíodh sé ag insint bréag. Is cosúil go ndearna sé a leithéid díreach tar éis dó teacht i gcumhacht. Seo thíos dhá ghrianghraf a glacadh ón radharc céanna.

Glacadh an ceann ar chlé le linn imshealbhú Trump ar 20 Eanáir 2017, agus an ceann ar dheis i rith imshealbhú Obama ar 20 Eanáir 2009. Mhaigh preasrúnaí Trump, Sean Spicer, go raibh an slua a bhí a láthair ag imshealbhú Trump ar ‘an lucht féachana is mó mar fhinnéithe ar imshealbhú ariamh’.

READ MORE

Ach de réir fianaise ó ghrianghraif a glacadh ó uillinneacha éagsúla, taifead den mhéid turas a rinneadh ar iompar poiblí ar na laethanta a bhí i gceist, agus eile, tá saineolaithe sluaite tar éis a rá nach raibh sa slua a bhí i láthair ag ócáid Trump ach aon trian den mhéid a tháinig chuig Obama ocht mbliana roimh ré. Dhealródh sé go bhfuil tús curtha le bréaga ó Theach Bán Trump ón soicind a tháinig sé i gcumhacht.

Ach bheadh an méid seo ag dul leis an gcaoi ar iompair sé féin i rith a fheachtais is cosúil. De réir staidéar teangeolaíochta a rinneadh tá an caighdeán cainte a úsáideann sé ag leibhéal a mbeifí ag súil leis i ngrád a ceathar. Ní dhearna se riamh argóint chuimsitheach shonrach faoin gcaoi a raibh sé ní b'fhearr ná a iomaitheoirí. Laistigh de sheachtain amháin i Nollaig 2015 dúirt sé go raibh a naimhde polatúla "amaideach" ar a laghad tríocha uair. Ionsaithe ad hominem seachas loighic agus fianaise is ea an modh troda is fearr leis.

Lean an nasc seo a leanas leis an chuid eile den alt seo a léamh:  http://on.irishtimes.com/l90jV7v