Sign up to The Irish Times Archive (1859 - 2008)My Account »
BEOCHEIST:CEIST: CÉN áit ina mbeadh Ard-choylargh Oileán Mhanann, Taoiseach na hÉireann, Báille Gheansaí, Chéad Aire na hAlban agus Príomhaire na Breataine bailithe le chéile? Freagra: Comhairle na nOileán.
Mar chuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998, bunaíodh “An Chomhairle Briotanach-Éireannach” nó “Comhairle na nOileán” mar a thugtar uirthi go minic. Is ainmhí aisteach neamhshiméadrach í an chomhairle. Tá dhá rialtas cheannasacha – Éire agus an Ríocht Aontaithe – mar bhaill, ach tá rialtais agus feidhmeannais ó réigiúin eile sna “hOileáin Bhriotanacha” mar bhaill chomh maith: Oileán Mhanann, Geirsí (Jersey), Geansaí (Guernsey), an Bhreatain Bheag, Tuaisceart na hÉireann agus Albain. (Níl Oileán Mhanann nó Geirsí nó Geansaí sa Ríocht Aontaithe nó san Aontas Eorpach, ach is réigiúin iad atá spleách ar choróin nó ar rialtas na Ríochta Aontaithe.)
