Sign up to The Irish Times Archive (1859 - 2008)My Account »
Thu 07 Jul 2009Nuachtáin
CROBHINGNE:THAGADH NUACHTÁIN áiseach sa seanshaol, go háirithe d’fhonn a chur timpeall ar sceallóga san oíche go déanach. Is fearr fós an blas a fhaighim ar scealpóg de throsc atá ina luí go néata sa nuachtán áitiúil agus an fínéagar ar sileadh tríd. Chuir rialtas cosc éigin ar a leithéid roinnt bhlianta ó shin nuair nach raibh cosc á chur ar phléisiúr ar bith eile acu.
Baol sláinte a bhí ann, dar leo, toisc go raibh an chontúirt ann go rachadh an cló ceangailte id scornach leis na sceallóga agus go gcromfá ar thablóidis a labhairt.
Choose a Subscription type - required
