irishtimes.com
  • News
  • Sport
  • Business
  • Comment
  • Life
  • Society
  • Culture
  • Cars
  • Jobs
  • Property
  • Home Delivery
  • Dating
  • Shop
  • Family Notices
  • Irish Ancestors
  • Hotels
  • Restaurants
  • Crosswords
  • Sudoku
  • Competitions
  • Training
  • Rewarding Times
  • More »
  • Search
  • Browse By Date
  • Historical Timeline
  • Subscriptions
  • Help & FAQ
  • Home »
  • Sign Up / In To Digital Archive »

Sign up to The Irish Times Archive (1859 - 2008)My Account »

Wed 09 Sep 2010Fómhar RnaG

CUIRFIDH RTÉ Raidió na Gaeltachta tús lena sceideal nua fómhair Dé Luain.

Dúirt urlabhraí thar ceann an stáisiúin gur léirigh “suirbhé a rinne TNS MRBI do Raidió na Gaeltachta anuraidh go raibh feabhas na seirbhíse nuachta ar cheann de na fáthanna is mó a n-éisteann daoine leis an stáisiún, agus fillfear ar an gclúdach cuimsitheach nuachta agus cúrsaí reatha i mí Mheán Fómhair”.

Beidh Gearóid Mac Donncha ag láithriú Adhmhaidin arís agus is iad Gormfhlaith Ní Thuairisg agus Máirín Ní Ghadhra a bheidh i mbun anailíse ar nuacht náisiúnta agus idirnáisiúnta ar Nuacht a hAon.

Craolfaidh an stáisiún cúig shraith nua ag an deireadh seachtaine, ag tosú Dé Sathairn 11ú Meán Fómhair. Beidh dhá chlár nua le cluinstin, Dúchas agus Daonnacht, clár faoi 75 bliain de Choimisiún Bhéaloideas Éireann le Micheál Holmes agus sraith nua eolaíochta, Ar Strae sa tSaotharlann, maidin Dé Sathairn.

Sraith faoi dhaoine a bhíonn ag plé le comhar sóisialta, obair dheonach agus cúramóirí a bheidh in Ar Scáth a Chéile a chraolfar tráthnóna Dé Sathairn, agus is é Seosamh Ó Braonáin a bheidh i mbun léirithe.

Is í Máirín Mhic Dhonnchadha a chuirfidh clár faoi chúrsaí ban, Dúirt Bean Liom, i láthair Dé Domhnaigh agus beidh sraith nua faoi mhuintir na n-oileán amach ó chósta na hÉireann á chur i láthair ag Tomás Mac Con Iomaire, Thar Toinn, ar an lá céanna.

Tá seirbhís óige an stáisiún, ANOCHT fm, cúig bliana ar an aer ó bhí mí na Bealtaine ann agus leanfaidh an chuid sin den tseirbhís ar aghaidh lena leagan amach sainiúil ar chúrsaí ceoil agus cuideachta don mhuintir óga.

Beidh Jó Ní Chéide ar dhuine de na láithreoirí óga a bheidh ag cur Caifé Ceoil i láthair agus beidh Cian Ó Cíobháin ag cur a rogha féin cheoil os comhair an phobail ar An Taobh Tuathail, clár atá 11 bliain ar an aer.

Tá RnaG ag tabhairt tacaíochta do cheol traidisiúnta le fada agus ní dhéanann an sceideal faillí sa ghné sin; beidh os cionn 20 uair an chloig den cheol dúchais sa tseachtain.

Is iad Eibhlín Ní Chonghaile, Áine Ní Churráin agus Helen Ní Shé a beidh ar an stiúir ar chláracha irise na maidine, agus is é Cormac Ó hEadhra a bheidh ag láithriú Glór Anoir, clár irise agus cúrsaí reatha a chraoltar as Baile Átha Cliath le linn na seachtaine.

Beidh Máirtín Tom Sheáinín ar ais ar Ardtráthnóna agus beidh Rónán Mac Aodha Bhuí agus a fhoireann ar ais san fhómhar lena léargas féin ar an saol.

Cuirfear tús le clár nua spóirt i mí Eanáir, Spórt an Luain, le Seán Bán Breathnach. Labhróidh sé ar réimse mhór spóirt – rugbaí, rásaí capall, dornálaíocht, sacar, cluichí Gaelacha agus cruicéad – agus scrúdóidh sé na scéalta móra spóirt ar na laethanta a bhí agus ar na laethanta atá le teacht.

Login or subscribe for more »
Choose a Subscription type - required
  • 1 YearEUR € 395
  • 1 MonthEUR € 65
  • 1 weekEUR € 26
  • 1 DayEUR € 10
  • Corporate Subscription

You don't seem to be Signed In!

If you're already a subscriber. Please sign in below.

Forgot your Login details?

24 Hour Subscription

If you have a 24 hour code. Please sign in below.

© 2012 irishtimes.com
  • Company information
  • Privacy policy
  • Help
  • Contact us
  • Advertise
  • Terms & Conditions
  • Please use our partners:
  • rewardingtimes.ie
  • myhome.ie
  • irishracing.com
  • ireland.com
  • entertainment.ie
  • Home Delivery
  • Mobile
  • Follow Us
  • Make Homepage
  • RSS Feeds
  • Site Map
  • 6 °C Dublin » SHOWERS
Close
  • News
  • Ireland
  • World
  • In Depth
  • Today's ePaper
  • Weather
  • Archive
  • Life
  • Travel
  • Food & Drink
  • Style
  • Consumer
  • Homes & Property
  • Motors
  • Living Today
  • Sport
  • Gaelic Games
  • Soccer
  • Rugby
  • Golf
  • Other
  • irishracing.com
  • Society
  • Health
  • Family
  • Education
  • Science
  • Environment
  • News Features
  • People
  • Business
  • Sectors
  • Economy
  • Opinion & Analysis
  • Markets
  • Exchange Rates
  • Technology
  • Podcast
  • Culture
  • Film
  • Books
  • Stage
  • Music
  • Art & Design
  • Comment & Media
  • Treibh
  • Comment
  • Opinion & Analysis
  • Letters
  • Blogs
  • Polls
  • Blogs
  • Current Account
  • Mechanical Turk
  • MiniBytes
  • On The Record
  • Fash Mob
  • Politics
  • Pricewatch
  • Pursued by a Bear
  • Screenwriter
  • Cars
  • Find Cars for Sale
  • Find a Car Dealer
  • Family Notices
  • In Memoriam & Death Notices
  • Wedding Bells
  • Anniversaries
  • Births & Birthdays
  • Special Days
  • Irish Ancestors
  • Surname search
  • Ancestor search
  • Placenames
  • Browse
  • Subscribe
  • Research
  • Wizard
  • Ancestors Sitemap
  • Jobs
  • Find a Job
  • Find a Recruiter
  • Dating
  • Sign up for free
  • Login
  • Hotels
  • Find a Hotel
  • Restaurants
  • Find a Restaurant
  • About us
  • Company information
  • Privacy policy
  • Help
  • Contact us
  • Advertise
  • Terms & conditions
  • Copyright
  • Homes
  • Search for Properties
  • Search for Rentals
  • Shop
  • Page Sales
  • Reader Offers
  • Financial Services
  • Travel Offers
  • Photo Sales
  • DVD Club
  • Games
  • Crosswords
  • Sudoku
  • Competitions
  • Other
  • Premium Email
  • Print on demand
  • Irish Times Training
  • Legal