- Email to a friend
- Email to Author
- RSS
- Text Size:
As cló arís
PÓL Ó MUIRÍ Eagarthóir Gaeilge
CEIST EILE cló ar an Fhoras. Beidh cuimhne ag léitheoirí gur scríobh mé píosa anseo tá cúpla seachtain ó shin gur theip orm coimisiún a fháil do leabhar do dhéagóirí faoi Scéim Scríbhneoirí de chuid Fhoras na Gaeilge. D’fhiafraigh mé den Fhoras ó shin cén fáth gur diúltaíodh don iarratas agus tá m’achainí curtha ar aghaidh chuig an duine cuí, deirtear liom.
Ach, idir an dá linn, tháinig nóta ó fhoilsitheoirí an leabhair nach bhfuair coimisiún, Cló Iar-Chonnachta, á rá go raibh comhfhreagras acu sin ón Fhoras agus go raibh na coimisiúin ar fad tarraingthe siar.
Dúradh sa litir gur “ceist riaracháin” a bhí ann agus gur “trí thaisme” a cuireadh amach na litreacha chuig na foilsitheoirí ar fad ainneoin na tograí bheith roghnaithe agus na suimeanna airgid bheith socraithe.
Beidh cruinniú boird ag an Fhoras Dé hAoine le cás na leabhar – agus foilseacháin eile – a phlé.
Lá thar a bheith gnóthach ag an Fhoras, mar sin, idir leabhair agus nuachtáin.
Latest
- 10:02Opera to launch iPhone browser
- 09:55Shuttle docks with space station
- 09:50Nama executive team announced
- 09:35Greek civil servants go on strike
- 09:23Clerc returns to face Ireland
- 09:14Daily Mail reports 8% decline in revenues
- 09:03Study finds house crime doesn't pay
- 08:56Gardaí seize drugs in Tallaght









