Sign up to The Irish Times Archive (1859 - 2008)My Account »
Wed 04 Apr 2009Ciorrú pá 10 faoin gcéad d'fhoireann Foinse
TÁ FOIREANN bhuan an nuachtáin sheachtainiúil, Foinse, i ndiaidh glacadh le ciorrú pá 10 faoin gcéad. Déanfar gearradh 10 faoin gcéad fosta ar tháillí saoririseoirí an nuachtáin. (Scríobhaimse colún don nuachtán mar shaoririseoir.) Thug bainistíocht an nuachtáin le fios gur ghá gearradh siar de bharr titim i gcúrsaí fógraíochta agus an nuachtán bheith ag cailleadh airgid dá thairbhe sin.
Dúirt eagarthóir Foinse,Seán Tadhg Ó Gairbhí gurbh “am an-leochaileach é seo” i stair nuachtán gach aon áit. Bhí pobal dílis léitheoirí ag Foinseó bunaíodh é sa bhliain 1996 agus “meas tuillte ag an nuachtán de bharr feabhas na hiriseoireachta agus na scríbhneoireachta ann, a bhuíochas leis an bhfoireann atá againn, ár saoririseoirí san áireamh.
Choose a Subscription type - required
