- Email to a friend
- Email to Author
- RSS
- Text Size:
BBC ar líne
PÓL Ó MUIRÍ Eagarthóir Gaeilge
SHEOL BBC Thuaisceart Éireann dhá shuíomh nua Idirlín inné: ollshuíomh Gaeilge (www.bbc.co.uk/irish) agus suíomh ar leith do chúrsaí peile, Preab Suas. Dúirt léiritheoir feidhmiúcháin Aonad na Gaeilge sa BBC i mBéal Feirste, Antaine Ó Donnaile, go mbeadh, “den chéad uair, gach rud a rinne BBC Thuaisceart Éireann i nGaeilge” le fáil ar an suíomh ach cóipcheart a ghlanadh.
“Áis iontach,” a bheidh ann do lucht na Gaeilge agus d’fhoghlaimeoirí. Faoi láthair, tá físeáin, agallaimh raidió agus seanchláir theilifíse ar an ollshuíomh úr agus iad uilig ar fáil saor in aisce.Lena chois sin, tá ábhar a bhaineann le siamsa, na healaíona, spórt agus tá deis ag foghlaimeoirí ceachtanna a fháil nó a gcuid Gaeilge a fhoghlaim i gcuideachta na gcarachtar cartúin, Colin agus Cumberland. Chomh maith le hábhar as cartlann an BBC, cuirfear ábhar nua ar an suíomh fosta.
Ag caint ar Preab Suas, dúirt Ó Donnaile go raibh agallaimh ann le peileadóirí a raibh Gaeilge acu agus iad “ag labhairt faoina bpaisean don pheil”. Tá míreanna traenála físeáin ar Preab Suas ina léiríonn peileadóirí móra le rá bunscileanna na peile. Is féidir le húsáideoir an t-ábhar a íoslódáil ar ghuthán póca.
Latest
- 10:44Portsmouth face winding up order
- 10:40Thalidomide group urges action
- 10:35Hollywood star Jolie visits Haiti
- 10:31Opera to launch iPhone browser
- 10:18Union vows to fight plan to shut down Halifax branches
- 10:18British manufacturing output rises
- 10:13German engineering output declines
- 10:10FG to meet over Lee fallout








