Sign up to The Irish Times Archive (1859 - 2008)My Account »
Wed 01 Jan 2009Gaelchultúr ag easpórtáil na teanga go cathracha Mheiriceá
TUARASCAIL: AG EASPÓRTÁIL na Gaeilge a bheidh muintir Ghaelchultúr an Márta seo. Tá plean uaillmhianach ag an eagras teanga i mBaile Átha Cliath ranganna Gaeilge d’fhoghlaimeoirí a bhunú i mBostún, i Londain agus in ionaid eile thar sáile níos déanaí i mbliana.
Dúirt stiúrthóir oideachais Ghaelchultúr, Éamonn Ó Dónaill, go raibh sé “mar sprioc againn ranganna a chur ar siúl sna cathracha móra i Meiriceá Thuaidh, na Stáit Aontaithe agus Ceanada. Tá sé cruthaithe cheana féin go bhfuil ráchairt ar ranganna i Meiriceá”. Dúirt an Dálach go raibh siad le dhá scéim phíolótacha a sheoladh thar sáile mí an Mhárta i mBostún sna Stáit Aontaithe agus i Londain “mar thús”.
Choose a Subscription type - required
