Albert uasal umhal na hÉireann

Polaiteoir gan éirí in airde a bhí in Albert Reynolds


Is cinnte dá mbeadh Albert Reynolds fós i gcumhacht go gcloisfí Gort Brooks i bPáirc an Chrócaigh.

B’fhéidir nach iomadúil iad na daoine ó Chontae Longfoirt a d’imir i lár na páirce sa staid chéanna le tamall de bhlianta anuas – nó b’fhéidir riamh – ach is ann a bhí Albert i lár an ghoirt i saol na hÉireann.

Ba léiriú cruthanta é Albert go raibh gá ag an idéalachas leis an bpragmatachas ; ach gurbh fhuar an pragmatachas de cheal an idéalachais.

Ceann de mhórmhaitheasaí pholaitíocht na hÉireann ná an easpa galamaisíochta a bhaineann le hardoifigigh na tíre.

READ MORE

An deamhan pioc de ní bhaineann le Michael D. Higgins, agus níor bhain le Mary McAleese lá ar bith, ná le Pádraig Ó hIrghile; agus bhíodh a phionta oíche ag Bertie Ahern sna tábhairní ba ghaire dhó; agus go deimhin, níl aon fhlóisíní galántachta ag baint lenár dTaoiseach féin faoi láthair ach oiread.

Gnáthdhaoine is ea maithe agus mionuaisle na tíre, agus tuigeann siad é sin, agus is sinne a thuigeann é ar ais. Ba bheag duine ab fhearr a léirigh sin ná Albert Reynolds.

B’í an easpa galamaisíochta sin ba mhó – maille lena thaithí gnó – a shocraigh go raibh sé ábalta ar na bearta crua a dhéanamh gan scáth.

B’ionann gach duine aige: taoisigh eile, airí ó na stáit amuigh ansin, easpaig agus ardeaspaig, amhránaithe, pápaí, droch-cheoltóirí countrynwestern, uvf, ira, léinte gorma, bainisteoirí bhálrúm, …

Is mór an teist ar phearsain ar bith go n-insítear scéalta ina thaobh. Is mó fós an teist mura bhfuil an scéal sin fíor, nó go ráineodh nach bhfuil.

Is minic gur fírinní fírinne an bhéaloidis ná fírinne an tsaoil. Sa chás seo nílim ach ag aithris an méid a chloisim im chuid siúlta.

Ba mhór aige an tsimplíocht teanga – “I’m a one page man.”

Tá scéal amuigh ansin, nach móide é bheith fíor ar fad agus is cinnte nach bhfaighfear deimhniú glan air, ach go bhfuil cuma na fírinne air. Agus mura bhfuil fíor, ba cheart go mbeadh.

Tar éis míonna fada idirghabhála faoi rún, aontaíodh ar Fhorógra Shráid Downing.

Ba mhaith gur faoi rún a bhí mar dá mbeadh nuachtáin áirithe Domhnaigh nár theastaigh síocháin uathu ar an eolas, bheadh deireadh leis.

Chuaigh toscaireacht na hÉireann go Sasana mar a dhéanadh riamh, agus bhí an nochtadh le déanamh an mhaidin dár gcionn.

Bhí foclaíocht Fhorógra Shráid Downing daingean agus diongbháilte. An oíche sin, áfach, de réir an scéil, d’athraigh na Sasanaigh friotal – agus dá bhrí sin, substaint – an tsocraithe.

Cuid de státseirbhísigh na hÉireann bhí siad ar mire le feirg; cuid eile, áfach, adúirt “Ná bí buartha faoi seo. Pléifimid an gnó leo i rith na hoíche go moiche na maidne, agus le breacadh an lae, beidh an ráiteas a bheag nó a mhór mar a bhí i dtosach. Seo gnáthchleas na Sasanach le comhaontú ar bith.”

Stop Albert iad: “Ná déantar faic. Téigí amach ar son béile, ar son dí, ar son pé ní is maith libh, agus tiocfaimid le chéile i Sráid Downing mar atá ceapaithe.”

Má bhí alltacht ar chách, ní dúirt siad giob; cruinníodh le chéile mar a socraíodh i seomra an phríomhaire.

Ghluais John Major isteach ag beannú do chách, mar ba dhual. Craitheadh lámh le daoine agus fearadh fáiltí na maidne. Nuair a tháinig sé go hAlbert, níor shínigh an Taoiseach lámh chuige, ach choinnigh a ghéaga fillte ina ucht. “John, John,” ar seisean, ag féachaint san aghaidh air, “an bhfuil tú ag iarraidh amadán ceart a dhéanamh díom, nó cad é?”

Ní “amadán ceart” na focail a d’úsáid sé go cruinn, ach friotal ba bhoirbe go mór ná sin. Líon na bearnaí tú féin.

D’iompaigh an lí ar Major agus dúirt go stadach: “Ceapaim gur cheart dúinn é seo a phlé eadrainn féin.”

D’imigh an bheirt amach, agus laistigh de chúpla nóiméad d’fhill siad agus bunshocrú an fhorógra ar ais ar an mbord gan athrú.

N’fheadair aon duine cad a tharla, ach an té a thuigfeadh Albert Reynolds is é adéarfadh ná gur déanadh aontú go solmanta, agus nach raibh sé sásta broic le haon mhaolú air.

Má bhí rialtas na Breataine sásta tincléireacht a dhéanamh ar an téacs an oíche roimh ré ar son na ngnáthchluichí taidhleoireachta, ní raibh sé féin.

B’fhéidir, gan amhras, nach bhfuil ann ach scéal, ach scéal é a bhfuil craiceann na fírinne air; agus is minic dath le dealramh ar an gcraiceann sin.

Fiú sa chás is nach bhfuil aon bhunús leis mar eachtra, solaoid is ea é ar an duine féin agus ar an tslí dhíreach a d’fheidhmigh sé.