Tír gan teanga? Ní i 1919

Is trí Ghaeilge a reachtáladh an chuid is mó den gcéad tionól de Dháil Éireann, ag léiriú os comhair an domhain go raibh teanga agus cultúr dá cuid féin ag an tír

DEAGLÁN de BRÉADÚN

Glór don Ghaeilge: d’ainneoin an líon beag daoine a bhí ag an gcéad Dáil, chualathas neart Gaeilge ann – agus tá an teanga fós in úsáid ann inniu

LÁ MÓR i stair na hÉireann ab ea an chéad chruinniú ag Dáil Éireann. Teach an Ardmhéara an suíomh agus cé go bhfuil 166 ball den Dáil againn faoi láthair, ní raibh ach seachtar is fichead ann ar an 21ú Eanáir 1919.

Roinnt áirithe des na daoine nach raibh ann, dob Aondachtóirí iad nó lucht tacaíochta Pháirtí Pairliminte na hÉireann agus marcáladh iad “as láthair”. Ach bhí go leor ball de Shinn Féin a bhí “fé ghlas ag Gallaibh” agus is mar sin a cláraíodh iad ar an rolla. I gcás triúr ar leith, bhí said “ar díbirt ag Gallaibh” (bhí Liam Ó Maoilíosa “ar a choimead” sna Stáit Aontaithe, mar shampla).

Ach ainneoin an líon beag daoine a bhí ann, chualathas neart Gaeilge uathu agus is trí Ghaeilge a reachtáladh an chuid is mó den chruinniú cinniúnach úd a thosaigh ag 3.30in agus a lean go ceann dhá uair a’chloig nach mór.

D’aonghnó gur tharla sin. Bhí na réabhlóidithe ag léiriu don domhan ní amháin gur náisiún ar leith ar bhonn polaitiúil íÉire, ach go raibh teanga agus cultúr dá cuid féin aici chomh maith.

Dá bhrí sin, ba ghníomh bolscaireachta é, úsáid na Gaeilge sa chéad Dáil. Bhain sé leis an spiorad a léirigh an Ceann Comhairle nua-thofa, Cathal Brugha, nuair a dúirt: “Tá deire le ré na cainnte in Éirinn, agus má’s maith é is mithid é – tá deire le ráiméis.” (Is feidir na miontuairiscí a léamh ag historical-debates.oireachtas.ie/D/DT/D.F.O.191901210001.html)

Tabharfar faoi deara go bhfuil difríochtaí idir Ghaeilge na céad Dála agus Gaeilge an lae inniu ach mar sin féin níl sí deacair le tuiscint. Tá cuid den téarmaíocht thar a bheith spéisiúil, mar shampla, an chaoi ina dtugtar, am í ndiaidh a chéile, “Saorstát Éireann” seachas “Poblacht na hÉireann” mar leagan Gaeilge ar “Republic of Ireland”.

Deir Cathal Brugha mar shampla: “Dhá bhliain is an Cháisc seo d’imthigh tharainn do bunuigheadh Saorstát Éireann.”

Ar ndóigh, nuair a tharla an scoilt tar éis don Chonradh Angla-Éireannach a bheith sínithe sa bhliain 1921, dob é “Saorstát Éireann” an teideal Gaeilge a bronnadh ar an stát a bunaíodh ag Micheál Ó Coileáin agus Art Ó Gríofa.

Ar ndóigh, maraíodh an Coileánach, faraoir, le linn don Chogadh Cathardha a d’eascair as an scoilt chéanna. Duine eile a fuair bás go tragóideach ná Cathal Brugha féin agus tá íoróin nach beag ag baint leis an méid adúirt sé leis na teachtaí ag Teach an Ardmhéara (nó Árus Ardmhéire Bhaile Átha Cliath mar atá sé ar an taifead oifigiúil): “Ní gábha dhúinn anois acht seasamh le chéile, moladh is buidheachas le Dia. Cuirimís le chéile agus ná déineadh éinne sinn do dheighilt, agus ní baoghal dúinn.”

Dar leis an gcomhfhreagraí de chuid an Daily Mail a bhí i láthair, labhair na teachtaí trí Ghaeilge “with varying degrees of fluency and the audience, at least those near me, understood with varying degrees of comprehension”. (Luaite i The News from Ireland, le Maurice Walsh; IB Tauris a d’fhoilsigh.)

Sa leabhair An Chéad Dáil (1919-21) agus an Ghaeilge (Coiscéim, 1989) rinne an t-iriseoir Nollaig Ó Gadhra (1943-2008, suaimhneas síoraí dá anam) staidéar ar leith ar an ghné seo den chéad Dáil agus d’aimsigh sé gur labhair 12 teachta trí Ghaeilge an lá san chomh maith leis an Athair Micheál Ó Flanagain adúirt an phaidir.

An teanga oifigiúil: gur i nGaeilge amháin a cuireadh ‘Bunreacht Dála Éireann’ os comhair na dteachtaí agus níor tamaill ann go raibh Gaeilge mar an chéad teanga a fhoilsíodh forfhógraí an rialtais

Ina measc siúd bhí an Cúnta Seoirse Pluincéad (tugtar “Bíocan de Chúirt an Phápa” air sna miontuairiscí) a chuir tús leis an gcruinniú agus a mhol Cathal Brugha mar Cheann Comhairle, le cuidiú don rún ó Phádraig Ó Máille, cainteoir dúchais as Conamara (no “Cuan na Mara”, de réir an rolla.)

Gaeilgeoirí eile a labhair ná Cathal Brugha féin, Seán T Ó Ceallaigh (Uachtarán na hÉireann ina dhiaidh sin; 1945-59), Seán Ó hAodha, Piaras Béaslaí, An Dr Séamas Ó Riain, Seán Ó Ceallaigh (“Sceilg”), Eoin Mac Néill, Séamas S Breatnach, Risteard Ó Maolchatha agus Conchubhar Ó Coileáin.

Labhair triúr i mBéarla, ag cur aistriúcháin de cháipéisí éagsúla os comhair na dteachtaí: Éamon Ó Dubhgáin a leigh an Fhaisnéis Neamhspleadhchuis, Riobárd Bartún a léigh an Scéal Chuig Saornaisiún an Domhain (is dócha go mbeadh “Saornaisiúin” níos cruinne) agus Tomás Ó Ceallaigh a léigh an Clár Oibre Poblachánaí, nó an “Democratic Programme”. Ábhar spéise nár tugadh an “Clár Oibre Daonlathach” air.

Ábhar spéise chomh maith gur i nGaeilge amháin a cuireadh “Bunreacht Dála Éireann” os comhair na dteachtaí. Léadh amach leaganacha Fraincise agus Béarla den Fhaisnéis Neamhspleadhchuis, an Scéal Chuig Saornaisiún an Domhain agus an Clár Oibre Poblachánaí (féach go bhfuilim ag dul i dtaithí ar an sean-litriú cheana féin!).

Seoirse Ghabháin Uí Dhubhthaigh a léigh an “Declaration d’independence” agus an Cúnta Pluincéad an “Appel aux Nations”. Ní trí thimpiste is dócha go raibh an Fhraincis chun tosaigh ar an mBéarla an lá san.

I measc a lan gnéithe eile den chruinniú atá thar a bheith spéisiúil ná gurb é Risteard Ó Maolchatha a mhol an Clár Oibre Poblachánaí/Clár Daonlathach go foirmeálta do Dháil Éireann. Is leis an Eite Chlé a luaitear an clár céanna de ghnáth ach toghadh an Maolchathach ina cheannaire ar Fhine Gael tamall de bhlianta ina dhiaidh san.

Bíodh sin mar atá, baineann an méid a bhí le rá aige le spiorad an chláir: “Ní féidir le náisiún bheith saor an fhaid agus tá an chuid is lugha dá muintir gan saoirse. Ní féidir le náisiún bheith beo agus ’na beathaidh an fhaid agus a dhí Altuightheaer d’aon chuid des na daoine a gcion ceart féin den mhaoin agus den tsaidhbhreas a bhronn Dia orainn go léir chun sinn a dheanamh beo, agus chun na beatha bhuanú ionainn.”

Tháinig an Dáil le chéile don dara huair an lá dar gcionn agus tá sé le tabhairt faoi deara, mar adéir Nollaig Ó Gadhra, “go bhfuil an Ghaeilge ag dul ar chúl cheana féin”. Bhí an patrún á leagan síos cheana féin go mbeadh stadas siombalach ag an dteanga agus ar chúiseanna éagsúla nach úsáidfear í de ghnáth mar mheán díospóireachta.

The Roll

Unionists and members of the Irish Parliamentary Party were invited to the first sitting of the Dáil but did not attend. These were marked as láthair (absent) in the roll. Some members of Sinn Féin were marked fé ghlas ag Gallaibh (imprisoned by the foreign enemy) or ar díbirt ag Gallaibh (expelled by the foreign enemy)

Irish Speakers

Irish was the principal means of communication at the initial meeting of the first Dáil Éireann. Out of 27 deputies present, there were 16 who spoke and 12 of these made contributions in Irish