TÁ bás faighte ag Ken Hale, Ollamh le Teangeolaíocht in Institiúid Teicneolaíochta Massachusetts, in aois a 67 - "guth daoine gan aon ghuth" mar a thug a chomhghleacaí Noam Chomsky air.
Bé Hale a chruinnigh an cnuasach bunúsach aistí dar teideal Endangered Languages - On endangered languages and the safeguarding of diversity a foilsíodh sa tréimhseachán Language i 1992. Is léir an t-ómós atá ag teangeolaithe a d'oil sé, agus ag a chuid iarscoláirí ar fud an domhain mhóir dó, ón suíomh Idirlín ag MIT.
Tuigeadh do Hale go rímhaith go bhfuair teangacha bás riamh i stair an chine dhaonna, i gceantracha teoranta agus i bpobail cuíosach cúng. Tuigeadh dó chomh maith go bhfuil teangacha á scuabadh chun siúil san aois reatha ar scála níos forleithne agus le himpleachtaí níos bunúsaí d'eiceachóras áirithe agus domhanda teangacha agus do na pobail dar díobh iad, ná mar a tharla riamh cheana i stair an chine dhaonna.
Má tá a leithéid de thuiscint ann agus éiceatheangeolaíocht, nó éiceachóras teanga, nó bitheolaíocht teanga fiú, is é Ken Hale príomháidh na tuisceana sin. Dúirt sé, agus é ag tagairt do chailliúint teangacha: "It is part of a much larger process of loss of cultural and intellectual diversity ... The process is not unrelated to the simultaneous loss of diversity in the zoological and botanical worlds. An ecological analogy is not altogether inappropriate."
Faoin teangeolaí Michael Krauss a d'fhág Hale an cúram, pictiúr domhanda a rianadh de chás na dteangacha i mbaol. "The world's languages in crisis," a thug Krauss ar a aiste siúd sa chnuasach.
Thagair Krauss don teilifís go háirithe mar "néarghás cultúrtha" agus bé a mholadh i dtaobh na dteangacha i mbaol: "We should not only be documenting these languages, but also working educationally, culturally, and politically to increase their chances of survival ... we must learn from biologists and conservationists the techniques of organization, monitoring and lobbying, publicity, and activism. This we must do on local, regional, national, and international scales."
Bhí impleachtaí móra ag an mbreithniú seo faoi stiúir Hale don teangeolaíocht mar dhisciplín chomh maith, agus dhearbhaigh Krauss ina aiste, nár mhór do theangeolaithe athmhachnamh a dhéanamh ar a gcuid buntuiscintí féin "lest linguistics go down in history as the only science that presided obliviously over the disappearance of 90 per cent of the field to which it is dedicated".
Dá fhaid dá bhfuilimid ag plé in Éirinn le cás ár dteangacha, níl aon staidéar ná taifead cuimsitheach againn den Ghaeilge mar chéadtheanga ag leanaí, chun gurbh fhéidir tuairisc a dhéanamh ar phatrúin shealbhaithe na teanga, ar na patrúin earráidí, ná, rud is measa ar shlite, ar phatrúin shealbhaithe an Bhéarla mar dhara teanga ag cainteoirí chéadtheanga na Gaeilge.
Más féidir líne a shamhlú idir an dá phríomhtheanga in Éirinn, níl ár ndóthain eolais againn fiú chun an líne sin a tharraingt, gan trácht ar ghraf ná patrún cuimsitheach. Táimid ar chuma na dteangeolaithe úd a luann Krauss, ag suí ar ár dtóin fad atá an talamh ag tabhairt fúinn.
Is é fírinne an scéil anois go bhfuil tuairim is 500 leanbh ar a mhéid in Éirinn arb í an Ghaeilge a gcéad theanga, glan ar Bhéarla, agus é sin ar feadh trí bliana sula dtéann siad ar naíonra nó a leithéid. Tá dornán eile acu sna cathracha agus bailte faoi scáth na nGaelscoileanna atá ag sealbhú na Gaeilge mar chéad theanga lasmuigh de chomhluadair na teanga stairiúil.
"Tá muid a lán difriúil ó cad a cheapann siad a bhfuil muid mar," a chuala ó bhall den phobal sin le déanaí. Agus a leithéid seo a mhaígh leanbh le déanaí go mustrach: "Bíonn fhios agamsa na freagraí go dtí rudaí go ní bhíonn fhios acu sin na freagraí go dtí"!
Muna bhfuil i gceist leis seo ach ceann de na struchtúir shealbhaithe teanga, cén bonn comparáide atá againn chun é a mheas?
Ina theannta sin tá Hiberno-English á scuabadh chun siúil gan aon taifead cuimsitheach eolaíochtúil ach an méid atá ar bun ag cnuasaitheoirí aonair.
NUAIR a bunaíodh Coimisiún Béaloideasa Éireann tuigeadh go raibh sé riachtanach oiread den scéalaíocht agus den seanchas a bhailiú agus ab fhéidir sula raghadh an t-iomlán ar lár. Oileadh foireann agus chuathas i mbun na hoibre.
Ionann is an Coimisiún a theastódh anois i gcás na dteangacha chun a bhfuil fágtha ar an talamh a bhailiú ar chuma brobhanna i ngort féir. Níor mhór foireann a oiliúint agus leagan an lae inniu de Thadhg Ó Murchú lena eideafón ar chúl a rothair a sheoladh i mbun oibre.
Is ionann glacadh lena leithéid de thionscnamh agus a admháil nach mairfidh an Ghaeilge mar chéad theanga teaghlaigh agus comhluadair in éineacht. Muna mbeadh ann ach bonn comparáide a sholáthar do ghlúnta atá romhainn a bheadh ag foghlaim na Gaeilge mar dhara teanga.
Muna mbeadh ann ach sin.