Advertisement: Book Bord Failte approved accommodation online with explore Ireland from ireland.com

Ireland.com
Today's Paper Your E-Mail Site Map   
You Are Here:   HOME > AN TEANGA BHEO Tuesday, March 16, 2010

An Teanga Bheo


Beocheist









Bosca Cuardaigh

Tuarascáil
An Peann Coitianta
Beocheist
Foclóir
Bosca Cuardaigh



Ornáidí gan éifeacht

Not all Europe's lesser-used languages are receiving the attention they need to survive, writes Aidan Doyle

Tá réigiún i dtuaisceart na Polainne, cóngarach don Mhuir Bhailt, a dtugtar Kaszuby air. An chaint a chleachtann muintir an réigiúin seo, an Chaisiúibis, cnámh spairne is ea í. Dar le formhór na bPolannach, agus teangeolaithe ina measc, níl inti ach canúint eile den bPolainnis.

Ach tá daoine eile a deir gur teanga inti féin is ea í. Tá de dhifríocht idir í agus gnáth-theangacha, más fíor, go bhfuil pobal fíorbheag cainteoirí aici, nach bhfuil aon tacaíocht oifigiúil aici agus nach bhfuil aon leagan ceart scríofa di ann.

Tá baint ag an stair leis an nguagacht teanga seo. Ceantar measctha ab ea an taobh thuaidh den bPolainn anuas go dtí 1945. Gearmáinis is mó a labhraítí sna bailte móra agus in áiteanna áirithe faoin tuath.

Dá bharr seo, bhí na Caisiúbaigh scartha amach ó mhórphobal na Polainnise, sa tslí gur tháinig ann do mhothúchán eile ionannais ina measc. Ar an taobh eile, níor bhraitheadar aon chomhbhá faoi leith leis an bpobal Gearmánach, toisc a dteanga agus a gcreideamh bheith difriúil - Caitlicigh a bhí sna Caisiúbaigh, Protastúnaigh a bhí sna Gearmánaigh don chuid is mó.

Bhí an cultúr Caisiúbach faoi bhagairt ag an gcultúr Gearmánach anuas go dtí an cogadh. Tar éis an chogaidh, tháinig dream nua i gceannas sa cheantar, Polannaigh ó thaobh eile tíre ar fad. Toisc na Caisiúbaigh bheith difriúil, agus a gcaint bheith "ait", mothaíodh nach raibh siad ina bPolannaigh chearta.

Anuas air sin, bhí sé de theist orthu go raibh siad ag comhoibriú leis na Gearmánaigh i rith an chogaidh agus caitheadh go dona leo dá bharr seo.

Sa lá atá inniu ann, tá stádas teoranta ag an urlabhra Chaisiúbach. Tá sé ceadaithe í a mhúineadh sna bunscoileanna agus tá téacsleabhair ann do leanaí. Tá eagraíocht ann chun an chanúint seo a chur chun cinn. Bíonn clár leathuair an chloig ar an raidió agus ar an teilifís maidin Dé Domhnaigh.

Scéalta áitiúla is mó a bhíonn ar na cláracha seo. Is deacair a rá go cruinn cé mhéad duine a labhraíonn an Chaisiúibis, mar tá Polainnis ag gach aon duine, agus is í an Pholainnis teanga na scoile, an mhargaidh, agus an tséipéil, is é sin le rá, an teanga phoiblí.

Murab ionann agus an Ghaeilge agus an Béarla, tá an Chaisiúibis an-chóngarach don bPolainnis agus sleamhnaíonn muintir na háite ó chanúint amháin go dtí canúint eile i ngan fhios dóibh féin. Mar shampla, ar an gclár teilfíse labhraíonn siad caint an réigiúin nuair a bhíonn siad ag trácht ar chúrsaí feirme, ach chomh luath is a chaitheann siad plé le hábhar "nua-aimseartha" casann siad ar an bPolainnis.

De réir dealraimh, tá an chaint áitiúil ag imeacht i measc an aosa óig agus níl aon fheachtas láidir ann chun í a choimeád beo. Scoláirí is mó a chuireann spéis inti anois.

In ainneoin an mheatha seo, tá mothú láidir ionannais sa réigiún. Léirítear é seo ní ar leibhéal na teanga, ach ar leibhéal an chultúir. Samhlaíonn an gnáth-thurasóir feisteas faoi leith agus nósanna eile áitiúla leis an gcultúr seo. Tá eitic na gCaisiúbach bunaithe an-mhór ar an gcreideamh Caitliceach agus ar luachanna traidisiúnta ar nós an teaghlaigh. Is é sin le rá, is féidir bheith i do Chaisiúbach fiú mura bhfuil focal den gcaint agat.

Tá cosúlachtaí áirithe le tabhairt faoi deara idir an Chaisiúibis agus an Ghaeilge. Tá an ceantar ina bhfuil/raibh sí á labhairt go hálainn ar fad, é breac le cnoic, locháin agus coillte.

Tá an talamh (agus na radharcanna áille) á cheannach go tiubh ag lucht na dtithe samhraidh, díreach mar atá sna Gaeltachtaí. Bíonn féiltí ceoil agus comórtais bhéaloideasa á n-eagrú ag na húdaráis áitiúla chun an "seanchultúr" a choinneáil beo.

Is é an t-aon rud nach bhfuil ann fós ná an t-ionad oidhreachta, ach má bhaineann an Chaisiúibis stádas mionteanga amach, bí cinnte nach fada uaithi an deontas ón mBruiséil chun ceann a thógáil.

Ar ndóigh, tá de dhifríocht idir an dá theanga go bhfuil stádas eile poiblí ag an nGaeilge, toisc tacaíocht an Stáit bheith aici, go hoifigiúil ach go háirithe.

Ach tá fíorstaid an dá chaint an-chosúil lena chéile, iad á gcothú mar dhea, cé gur beag duine ar cás leis iad dáiríre. Dealraíonn sé gurb é seo cinniúint na mionteangacha sa lá atá inniu ann, iad a bheith ina n-ornáidí gan éifeacht.

© 2006 ireland.com About Us   Privacy Policy   Contact Us   Media Kit