Eagarthóir Gaeilge: Pól Ó Muirí
Tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, lárchomhairle ar phobail na Gaeilge, ag cur "Éilimh Phobail na Gaeilge ar an Chéad Rialtas eile" le chéile don chéad olltoghchán eile.
Faoi láthair, tá éilimh na n-eagraíochtaí Gaeilge á mbailiú ag cruinnithe de Bhord na Comhdhála. Glacfaidh siad fosta le héilimh i scríbhinn ó eagraíochtaí agus/nó ón phobal roimh an chéad lá de Mhí na Nollag.
Beidh deis ag an phobal a dtuairimí a chur i láthair ag cruinniú poiblí in Óstán Buswells, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath, Dé Máirt 4ú Nollaig ag 7.30 p.m.
Cuirfear dréachtchóip de na héilimh faoi bhráid an phobail ag Tóstal na Gaeilge i nGaillimh i mí Feabhra. Eolas: 01-6794780 nó comhdhail@comhdhail.ie