Advertisement: Book Bord Failte approved accommodation online with explore Ireland from ireland.com

Ireland.com
Today's Paper Your E-Mail Site Map   
You Are Here:   HOME > AN TEANGA BHEO Saturday, February 11, 2012

An Teanga Bheo


Tuarascáil









Bosca Cuardaigh

Tuarascáil
An Peann Coitianta
Beocheist
Foclóir
Bosca Cuardaigh



Cáineadh Conartha

Eagarthóir Gaeilge: Pól Ó Muirí

D'iarr uachtarán Chonradh na Gaeilge, Tomás Mac Ruairí, ar an Taoiseach Bertie Ahern "dearbhú poiblí" a thabhairt gan mhoill go bhfoilseofaí an Bille Comhionnanais um Theangacha Oifigiúla in am le go ndéanfaí dlí de le linn théarma an Rialtais.

"Táimid braon den mhoilleadóireacht gan dealramh agus na geallúintí éagsúla nár comhlíonadh i leith na reachtaíochta seo, gan trácht ar na leithscéalta atá tugtha agus ní féidir é a thógaint orainn má chuirimid fimínteacht i leith an Rialtais," a dúirt sé linn fóraim phoiblí ar an Uaimh, Co na Mí, oíche Luain.

"Bheinn níos mó ná sásta dá gcruthófaí mé bheith mícheart go hiomlán maidir leis an gceist seo ach ní féidir linn bheith sona ina taobh gan an dearbhú poiblí atá á lorg againn ón Taoiseach go gcomhlíonfaidh an Rialtas an gheallúint atá tugtha acu ... maidir leis an mBille seo."

Ag caint faoin ghearradh siar atá le déanamh ar bhuiséad Raidió na Gaeltachta, dúirt sé gur chóir don Aire sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, Síle de Valera, gníomhú lena chinntiú nach dtarlódh a leithéid.

"Tá an chumhacht ag an Aire féachaint chuige nach gcaillfear cláir fhiúntacha as sceideal RnaG agus na poist atá fógraithe ag bainisteoirí an stáisiúin de dheasca ghéarleanúint Údaráis RTÉ," a dúirt sé.



© 2006 ireland.com About Us   Privacy Policy   Contact Us   Media Kit