Advertisement: Book Bord Failte approved accommodation online with explore Ireland from ireland.com

Ireland.com
Today's Paper Your E-Mail Site Map   
You Are Here:   HOME > AN TEANGA BHEO Saturday, February 11, 2012

An Teanga Bheo


Tuarascáil









Bosca Cuardaigh

Tuarascáil
An Peann Coitianta
Beocheist
Foclóir
Bosca Cuardaigh



Raic raidió

Eagarthóir Gaeilge: Pól Ó Muirí

Bhí díospóireacht agus siamsa thar a bheith maith ar Ardán (TG4, oíche Sathairn) faoi thodhchaí Raidió na Gaeltachta i bhfianaise an ghearradh siar atá le déanamh ar a mbuiséad.

Ceathrar a bhí ar an phainéal: Ceannaire RnaG, Tomás Mac Con Iomaire; an polaiteoir Micheál D. Ó hUiginn; ball d'fhoireann RnaG, Gormfhlaith Ní Thuairisg; an t-iriseoir, Uinsionn Mac Dubhghaill agus iad faoi stiúir oilte an láithreora, Paidí Ó Lionaird.

Bhí cúpla téama taobh istigh den chaint. Bhí Ní Thuairisg imníoch faoi na himpleachtaí a bhí ann d'fhoireann an stáisiúin; bhí Mac Con Iomaire ag cosaint a raibh bainte amach agus ag tabhairt le fios go dtiocfadh feabhas ar chúrsaí agus bhí Ó hUiginn ag tabhairt faoi easpa samhlaíochta an Rialtais i dtaca le cúrsaí craoltóireachta de.

Bhí Mac Dubhghaill i ról an Chríostaí sa Sorcas Maximus, é ag cáineadh an stáisiúin, á rá go raibh sé "leadránach" agus nach raibh sé ag freastal ar phobal na Gaeltachta. Thuill a chaint ionsaí ad hominiem nó dhó dó.

Thuigfí do lucht an stáisiúin i bhfianaise na gciorruithe atá le déanamh go mb'fhéidir nach é seo an t-am is fearr le critic a dhéanamh orthu. Tá, gan amhras, cuid mhór bainte amach ag an stáisiún ó bunaíodh é. Agus cé go mbeidh daoine ag dúil go mbeidh toradh ar fheachtas fhoireann an stáisiúin tuilleadh airgid a fháil, ba dhalba an mhaise do dhuine ar bith neamhiontas a dhéanamh den mhéid a bhí le rá ag Mac Dubhghaill - nó bíodh sé domblasta nó eile ag lucht tacaíochta an stáisiúin, tá go leor daoine ag teacht leis.

Leoga, léirigh suirbhé a rinne RnaG féin tá cúpla mí ó shin gur tháinig fás an-bheag ar líon na ndaoine óga a éisteann leis an stáisiún. ("Raidió na seanleaids," a tugadh air ag pointe amháin le linn an chláir.)

Tá Ardán le moladh as na ceisteanna a chur. Más aon fhianaise é an clár féin, tá daoine anois ag machnamh ar chás an stáisiúin as an úr. Ní dhéanfaidh an troid seo dochar ar bith do RnaG. Is anois a thuigeann an fhoireann óg cuid de na deacrachtaí a bhí ag lucht bunaithe an stáisiúin. Fúthu atá sé an cás sin a dhéanamh arís agus, cá bhfios, pobal na Gaeltachta a shuaitheadh as an úr faoina gcearta sibhialta.



© 2006 ireland.com About Us   Privacy Policy   Contact Us   Media Kit