Biúró na dteangacha in Éirinn i mbaol a dúnta
Eagarthóir Gaeilge: Uinsionn MacDubhghaill
Meastar go ndúnfar oifig an Bhiúró Eorpaigh do Theangacha Neamhfhorleathana i mBaile Átha Cliath, tar éis do choiste na mbuiséad sa Pharlaimint Eorpach gearradh mór a mholadh ar a chuid airgid.
Dhiúltaigh an coiste d'iarrachtaí an Choimisiúin Eorpaigh airgead iomlán na mionteangacha a laghdú, áfach. Is é 4 milliún Ecu an buiséad a mholann sé do 1998, an méid céanna is a cuireadh ar fáil dóibh i 1996 agus ardú beag ar an 3.675 milliún Ecu i mbuiséad na bliana seo.
Fuair an Biúró thart ar 750,000 Ecu i mbliana ó fhoinsí éagsúla, nó thart ar £560,000. Molann coiste na mbuiséad gur cheart 400,000 Ecu (£300,000) a chur ar fáil don bhliain seo chugainn. Moltar an t-airgead sin a choinneáil ar leataobh go dtí go ndéantar leasuithe áirithe riaracháin.
Tá tuairisc á críochnú faoi láthair ag Price Waterhouse don Choimisiún Eorpach ar éifeacht na n-eagras agus na dtograí a fuair airgead Eorpach faoi líne buiséid na dteangacha neamhfhorleathana le cúig bliana anuas.
Tuigtear dúinn go nardaítear ceisteanna tromchúiseacha inti faoi chúrsaí riaracháin in oifig an Bhiúró i mBaile Átha Cliath. Ceistítear inti cé chomh follasach nó 'transparent' is atá a chuid gníomhaíochtaí.
Séanann rúnaí ginearálta an Bhiúró, Dónall Ó Riagáin, na líomhaintí sin go láidir. Dar leis nach bhfuil sa tuairisc ach "réamhdhréacht lochtach" atá le leasú. "Creidim féin go bhfuil an oifig i mBaile Átha Cliath thar a bheith éifeachtach agus go bhfuil obair dochreidte déanta againn thar na blianta, agus go bhfuil foireann an-bhreá agus an-chumasach agam. Ní bheadh aon cheist orm faoi sin," a dúirt sé.
Deir an Teachta Eorpach Mair Eluned Morgan, ball sóisialach de choiste na mbuiséad ón mBreatain Bheag, go bhfuil ceisteanna le freagairt, áfach. Ise a mhol an gearradh siar. "There have been questions for a number of years about the efficiency of the Dublin office," a dúirt sí.
Deir sí go measann teachtaí parlaiminte áirithe go bhfuil "fadhbanna" ann maidir le hionadaíocht ar choiste stiúrtha an Bhiúró. "Duine aonair" nach raibh bainteach le haon eagras ar leith a bhí san ionadaí ón mBreatain Bheag, dar léi.
Ar an gcaoi chéanna, deir sí go bhfuil míshásamh ar mhuintir na Catalóine agus ar na Bascaigh maidir leis an ionadaíocht ó na tíortha sin. I dtíortha mar sin, ina bhfuil boird stáit nó institiúidí oifigiúla eile ag plé lena dteangacha dúchasacha, níl ionadaíocht chuí ag na h-institiúidí sin ar an gcoiste stiúrtha, dar léi.
Tá Malone le scríobh chuig an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, Síle de Valera, ag iarraidh uirthi athruithe a lorg sa chaoi a bhfeidhmíonn an oifig i mBaile Átha Cliath. Deir Ó Riagáin go bhfuil clár ceilte taobh thiar den ghearradh siar ar an mbuiséad. "Is léir le cúpla bliain anuas go bhfuil an Coimisiún ag obair sa treo sin. Do tharraingíod ar airgead siar ó lárionad Mercator sa Fhrainc agus tá sé dúnta anois. Tharraing siad airgead siar ón rúnaíocht oideachais a bhí againn sa Lucsamburg. Tharraing siad airgead siar ó rúnaíocht leabhar do pháistí sa Bhriotáin, agus ó Agora, líonra chun forbairt eacnamaíoch agus sóisialta ár dteangacha a chur chun cinn [sa Bhreatain Bheag]," a dúirt sé.
'Is é deireadh an bhóthair sin ná struchtúr lárnach sa Bhruiséil'
"Sílim go bhfuil patrún ansin, go bhfuil an tacaíocht oifigiúil á tarraingt siar de réir a chéile ó na struchtúirí saora a bhí tar éis fás aníos le blianta beaga anuas. Ceapaim gurb é deireadh an bhóthair áirithe sin ná struchtúr lárnach éigin sa Bhruiséil faoi ordóg an Choimisiúin. "
Tá an Coimisiún ag ullmhú reachtaíocht a faoi láthair chun maoiniú na mionteangacha a chur ar bhonn dlíthiúil. Nuair a tharlaíonn sin, seans go gcuirfear bureau d'assistance technique ar bun chun cabhrú leis an gCoimisiún sa réimse seo.
Seans go laghdófar ar neamhspleáchas an Bhiúró nó go gcuirfear deireadh ar fad leis an uair sin, agus go mbeidh an obair chéanna ar siúl ag áisinteacht nua oifigiúil.
I gcás na hÉireann, chiallódh sé go praiticiúil go mbeadh tionchar i bhfad níos mó ag Bord na Gaeilge ar ghníomhaíochtaí Eorpacha i leith na mionteangacha, agus go mbeadh tionchar níos lú ag an earnáil dheonach orthu.
I dtéarmaí eile, "státachas" breise ar leibhéal na hEorpa, agus oifig sa Bhruiséil seachas ceann i mBaile Átha Cliath.
|