Uisce Éireann

‘An t-uisce seo, ní anuas ón spéir a thiteann sé tá’s agat!’


Nach ait mar a bhain an t-earra is comónta sa tír stangadh as bunú rialtais?

An bhfuil rialtas againn fós? An bhfuil rialtas againn fós? An bhfuilimid ann fós?

Is minic tíortha eile in earraid a chéile mar gheall ar ola, nó ar mhianraí, nó ar dhiamaint, nó ar phrionsabal mar dhea éigin eile timpeall ar dhaonlathas.

Ach fadhb in Éirinn mar gheall ar uisce?!

READ MORE

Ar na clichéanna ba mhó a reiceadh linn i gcaitheamh an ama ba ea gurb ‘earra gann’ is ea an t-uisce, gurb ‘acmhainn’ í nach raibh ar fáil go fairsing.

Bhí mionphrionsa éigin san Araib Shádaisteach cúpla bliain ó shin a bhí ag iarraidh achrainn a dhúiseacht sa teaghlach ríogúil á mhaíomh go raibh ganntanas gainimh sa tír.

Dúirt sé gur ghá áisínteacht speisialta a bhunú d’fhonn a shábhála agus gur chóir go mbeadh lamháil áirithe den ghaineamh saor in aisce don phobal, ach go gcaithfí íoc as ina dhiaidh sin.

Nuair a léiríodh dó go raibh an tír donn dóite – seachas a bheith braon báite – le gaineamh is é freagra a bhí aige ná go gcosnódh na buicéid agus na sluasaidí go leor airgid.

‘Ní hé go díreach go bhfuil sé ar fáil gach áit ar an talamh,’ ar seisean, ‘tá obair le déanamh chun é a bhailiú, tá’s agat!’

Deir na saineolaithe nach dtoghfaí arís é dá mbeadh toghcháin ann i measc na mionphrionsaí san Araib Shádaisteach.

‘Ach íocann gach tír eile sa mheánoirthear as an ngaineamh,’ ar seisean, le geonaíl, ‘agus má dhéanann gach tír eile é, ní foláir dúinne é a dhéanamh chomh maith.

Is mó sin trá ar fud na hEorpa agus eile a bheadh buíoch den ghaineamh céanna, mise á rá leat!’

Bhí mé i gConnachta le déanaí, ar chúis nach dtuigim, agus an ghrian ag taitneamh, rud nach dual. Ghabh mé trasna na habhann i mBaile Átha Luain, agus ní raibh Sionainn Bhriain Bhóroimhe ag dul siar insa tsáile. Bhí an sáile ag dul ó thuaidh tríd an tír, ag leathnú amach soir siar, ag déanamh lochanna den abhainn, ag déanamh farraige de na lochanna. Maighdeana mara ba ea na stumpaí crann, dobhar-eich ba ea na ba, uile-bhéist anoir as Loch Nis ba ea gach géag a nocht aníos.

Fós féin agus an gluaisteán ag tiomáint ar an mbóthar siar chuala na rotha ag rá: ‘acmhainn ghann, acmhainn ghann, acmhainn ghann!’

Ar éigean gur chuaigh bliain thart le linn m’óige nach raibh mórshruth ar abhainn na Laoi i gCorcaigh agus lár na cathrach ag filleadh ar a dhúchas mar phortach a raibh na tuilte ag tulcadh tríthi. Dúradh sa chás is nár líonadh isteach géaga canálacha na habhann go mbeadh an chathair ina Veinéis an tuaiscirt; cé nár airíos aon duine ag rá go mbeadh an Veinéis ina Corcaigh an deiscirt dá dtarlódh a mhalairt. Gheibhtí bradáin agus troisc agus colmóirí ar na sráideanna nuair a thrádh an taoide tuile, agus is mó sin mangaire éisc nach raibh iontach buíoch don fhómhar saor in aisce sin.

Bhí aithne agam ar dhaoine a raibh naomhóga sna garáistí cúil acu a dtógadh siad amach agus ‘acmhainn ghann, acmhainn ghann, acmhainn ghann’ á mbualadh acu san uisce le gach tarraingt den rámh.

Bhí tráth ann nuair a bhí tiarnaí talún ann a chuirfeadh cíos ar an mbraon anuas, agus mura bhfuil a leithéidí siúd fillte ina lánghéire orainn go dtí seo ní oíche fós é.

Ach is mó sin duine a cheapann nach mbaineann sé ar fad leis an mbraon anuas. ‘An t-uisce seo’, a chuala duine amháin, nó beirt, nó triúr féin, nó níos mó á rá de thoil dheona,’ ‘ní anuas ón spéir a thiteann sé tá’s agat!’

D’fhéadfá breall a chur ormsa, ach is minic a thugas faoi ndeara é. Go deimhin, ba mhinic díleann ón spéir anuas ag stealladh ar chloigeann orm deich neomat tar éis dom gan néall dá laghad a fheiscint lasnairde.

Ba mhinicí fós ar an trá mé i mBun an Tábhairne agus an ghrian ag déanamh cloigíní beaga teasa ar mo chraiceann le nimh-phléisiúr nuair ba ghairid uaim na tulcaí troma mar a ligtí uiscí Éireann tríd an gcriathar anuas orm ó spéartha Dé. Fós féin agus na braonta móra ina rince chaidhp an chúil aird ríl mhór bhaile an chalaidh anuas ar mo sheithe gheal chloisinn polaiteoir éigin ag monabhar – ‘acmhainn ghann, acmhainn ghann, acmhainn ghann’.

Acmhainn ghann is ea an t-uisce in Éirinn ar an gcuma chéanna is gurb acmhainn ghann é an féar ar an móinéar, na fiaílí sa ghairdín, an bhreab sa mhála donn páipéir, an dreancaid sa mhadra, an gealt sa rialtas, éirí na gréine ar maidin, bianna ar mhaide bhacaigh, gruaim in sópopera, an bhréag sa nuacht, an braon anuas…

Is ea: ‘acmhainn ghann, acmhainn ghann, acmhainn ghann!’