Uisce iontach as tobar domhain an Doibhlinigh

Rogha aistí le scríbhneoir den scoth


Is dócha gur seanscéal ag an gcuideachta acadúil é seo; ní raibh sé i gceist agam riamh an leabhar seo As Tobar an Doibhlinigh (Coiscéim) a chur le chéile.

Forbraíodh an smaoineamh de réir a chéile agus mé ag obair ar chlár saothair an Doibhlinigh a thabhairt suas chun dáta.

Rinne Etaín Ó Síocháin agus Marius Ó hEarcáin éacht oibre nuair a réitigh siad an clár saothair a cuireadh i gcló sa leabhar Breandán Ó Doibhlin – Saol agus Saothar.

Ach tá nach mór deich mbliana ann ó rinneadh é sin agus is geall le bheith dochreidte a bhfuil curtha leis ó shin ag an Doibhlineach. Faoi mar a dhéanfadh imscrúdaitheoir fóiréinseach, thosaigh mé ag tochailt chun go líonfaí na bearnaí sin sa seancheann agus go ndéanfaí é a iomlánú lena ndearnadh ó shin.

READ MORE

Agus an clár saothair curtha le chéile agam thug mé mo dhúshlán féin gach rud as Gaeilge agus as Béarla ar an liosta a léamh.

Agus mé ag gabháil don léitheoireacht, bhraith mé go raibh sé de dhualgas orm féachaint chuige go gcuirfí saibhreas agus ilchineálacht scríbhneoireachta an Doibhlinigh os comhair an tsaoil i riocht a chinnteodh go mbeadh sé ina fhoinse leanúnach inspioráide ar feadh na nglúinte, ní i gcúrsaí litríochta amháin ach i gcúrsaí cultúir i gcoitinne.

Chuige sin, a bheartaíomar go mbeadh cúig earnáil sa chnuasach, mar atá, Cúrsaí Critice, Cúrsaí Aistritheoireachta, Seanmóireacht agus Óráidíocht, Scríbhneoireacht Chruthaitheach agus Aistí Ilchineálacha, agus roghnaigh mé ailt agus sleachta a mheas mé a bheith ionadaíoch do na hearnálacha seo.

Trí alt agus sliocht is seachtó ar fad atá ann, iad as Gaeilge, den chuid is mó, le corrcheann Béarla agus Fraincise.

Ba é an dúshlán ba mhó a bhí agam ná na hailt agus na sleachta a rachadh sa saothar a roghnú, toisc ardchaighdeán iontu ar fad.

Bheartaigh mé, ar deireadh, rogha leithleach a dhéanamh de réir dhá chritéar: na hailt agus na sleachta is mó a thaitníonn liom féin agus is tábhachtaí, dar liom, do lucht saothraithe na Gaeilge agus do phobal na hÉireann i gcoitinne.

Chuir mé an leabhar seo le chéile do lucht acadúil na Gaeilge, lucht leanúna Bhreandáin, iad siúd a bhfuil spéis acu i gcúrsaí teanga, féiniúlachta agus oidhreachta, agus do mhic léinn na Gaeilge – pobal na Gaeilge.

Lón machnaimh agus ábhar léitheoireachta don té a bhfuil spéis aige sa Ghaeilge agus treoirleabhar eiseamláireach scríbhneoireachta don mhac léinn a dteastaíonn uaidh tuiscint a fháil ar shaibhreas na litríochta Gaeilge agus ar mhodhanna difriúla scríbhneoireachta.

Ach ní dóibh siúd amháin a cuireadh an saothar seo le chéile ach dóibh siúd, chomh maith, atá i gceannas ar chúrsaí cultúir agus ar chúrsaí pleanála straitéise teanga – go dtabharfaí dóibh bunábhar machnaimh agus treorach; go dtabharfaí spreagadh iontach don ghlúin óg a thiocfaidh i seilbh na cumhachta go bhféadfaidís an fhís a theastaíonn a bhunú ar bhunsraith chomh saibhir, chomh daingean.

Oilithreacht, ar bhealach, a bhí sa fhiontar seo domsa, toisc gur spreagadh ceisteanna ionam nár rith riamh liom – ceisteanna bunúsacha féiniúlachta agus dúchais. In amanna déanaimidne, lucht na Gaeilge, dearmad ar an saibhreas ársa atá á chaomhnú inár dteanga dhúchais, déanaimid dearmad, leis, nach bhfuil an teanga ach ar iasacht againne, an ghlúin bheo, agus gur fúinne atá a chinntiú go ndéanfaí an teanga a sheachadadh don chéad ghlúin eile.

Agus bhí rud éigin eile, rud breise ann dom – pietas, leis an Laidin a cheadú.

Is é Má Nuad m’alma mater, an áit inar lasadh tine na Gaeilge ionam. Tógadh mé, d’fhéadfá a rá, mar sin, laistigh de thraidisiún na Gaeilge a théann siar amach go Pól Ó Briain agus Eoghan Ó Gramhnaigh, níos déanaí – an bheirt acu ó mo chontae féin, contae na Mí.

Ba phribhléid agam é a bheith i mo mhac léinn in institiúid atá daonlárnach agus dírithe i gcónaí riamh ar leas an phobail agus ar an leas coiteann – leas coiteann mhuintir na hÉireann fáiscthe as an oidhreacht dhúchais.

Bhí leanúnachas an traidisiúin riamh ina chuspóir ag gluaiseacht na Gaeilge i Má Nuad, ní gá ach Irisleabhar Mhá Nuad a lua leis seo a léiriú. Teastaíonn uaim an leanúnachas sin a dheimhniú, rud atá déanta, tá súil agam, leis an saothar seo. Seolfar As Tobar an Doibhlinigh i bPáras inniu agus seolfar an leabhar arís i mBaile Átha Cliath, in oifigí Fhoras na Gaeilge, Déardaoin, 31ú Márta. Is léachtóir ar Ollscoil Mhá Nuad í an Dochtúir Tracey Ní Mhaonaigh